Féile Róise Rua agus imeachtaí eile

Lár na Bealtaine 

Aoine 14 Bealtaine @20:00 

Agus an athoscailt ar na bacáin do thithe thábhairne na an Deiscirt, is cinnte gur féidir leis na Gaeil tacú lenár seanchara Club Chonradh na Gaeilge. Beidh oíche ar líne le sóisialú́ sa snug fíorúil agus babhta a cheannach don chlub chun do thacaíocht a léiriú! 

Seol ríomhphost chuig runai@anclub.ie le clárú.

Coirnéal an Cheoil 

Satharn 15 Bealtaine @13:00 

An ag lorg píosa ceoil ag am lóin chun do scíth a ligean ag an deireadh seachtaine atá tú? Tá an tsraith ‘Coirneál an Cheoil’ ag teacht chugainn Dé Satharn, buíochas leis an gCultúrlann i mBéal Feirste. Beidh John Treacy, in éineacht lena ghiotár, ann chun cúpla amhrán a chasadh. 

Beidh an imeacht le feiceáil ar Facebook.

Féile Róise Rua 

Satharn 15 Bealtaine @20:00 

Tá Féile Róise Rua, Árainn Mór, ag obair as lámha a chéile le lucht Other Voices, ceann de na féilte ceoil is clúití sa tír. Tá siad ag teacht le chéile chun oíche cheoil a chur ar siúl saor in aisce, beo as an oileán. I measc na gceoltóirí, beidh Thomas McCarthy, Anna Gallagher agus Radie Peat. 

Craolfar an tsiamsaíocht ar YouTube 

Gaeil na Gaillimhe CLG 

Dé Máirt & Déardaoin 18 Bealtaine agus 20 Bealtaine @18:45 

Tá an traenáil fillte do Ghaeil na Gaillimhe CLG, agus iad ag lorg baill nua le bheith i mbun imeartha agus ag cuidiú le hobair an choiste (imeachtaí sóisialta, bailiúcháin airgid srl.). Bíonn traenáil ann dhá uair in aghaidh na seachtaine. Peil na mBan @18:45 agus Peil na bhFear @19:45. 

Le tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch/téacs chuig 086 0757066 

Labhair Linn sa Leabharlann 

Céadaoin 19 Bealtaine @20:00 

Beidh ceiliúradh na Bealtaine ag tarlú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar an gCéadaoin. Beidh painéal cainte le cloisteáil leis an amhránai Saileog Ní Cheannabháin, béaloideasaí Jonny Dillon agus údar Eithne Ní Ghallachobhair, agus iad ag breathnú siar go ré na gCeilteach agus plé ar an mbéaloideas a bhaineann le  féile na Bealtaine. 

Cláraigh saor in aisce ar Eventbrite 

https://www.eventbrite.ie/e/labhair-linn-sa-leabharlann-ceiliuradh-na-bealtaine-tickets- 153799200549?aff=ebdsoporgprofile