Féile SOMA agus ceithre imeacht eile

Megan Nic Ruairí, The Sound House, Cé Eden, Baile Átha Cliath Dé hAoine 20 Iúil @ 20:00

An uair dheireanach go rabhas sa Sound House, is ag sileadh allais a bhíos, ag éisteacht le rapcheol meabhrach, cróga an bhanna KNEECAP, agus ag baint súp as Oíche na nGael ag an bPop Up Gaeltacht. Is san ionad céanna sin a bheidh an t-amhránaí breá ó Thír Chonaill, Megan Nic Ruairí, an tseachtain seo. Is mar chuid d’Fhéile na gCéanna (Dublin Quays Festival) a bheidh an ball is óige do Chlann Mhic Ruairí ag seinm agus ag soláthar na n-amhrán. Tabhair tacaíocht di, agus bí i láthair ar an Aoine óna hocht.

Inni-K, The Cobblestone, Dé hAoine 20 Iúil @ 20:30 

Is í Inni-K a bheidh ag seinm i The Cobblestone Dé Sathairn. Mholfainn daoibh ticéid a cheannach chomh luath agus is féidir. Nuair a bhí bean Chill Choca san ionad seo tamall ó shin, díoladh iad ar fad — comhartha maith! Tá siad réasúnta go maith ó thaobh an chostais de, díreach €12. Gach eolas ó inni-k.com 

Mura n-éiríonn libh í a fheiscint Dé Sathairn, bí ar an eolas go mbeidh sí ag an bhFéile Cheoil agus Ealaíon Swell ar Oileán Árainn Mhór ar an 27ú Iúil. Ní hamháin sin, ach beidh Ye Vagabonds, Clann Mhic Ruairí, KNEECAP, Moya Brennan agus Scannal ann, i measc eile. Tuilleadh faoi sin ar fad an tseachtain seo chugainn ar an leathanach seo!

Féile SOMA, Caisleán Uidhilín, ar siúl faoi láthair agus leanfaidh go dtí an 22 Iúil

Is fiú go mór súil a chaitheamh ar chlár na féile SOMA a bheidh ar siúl an tseachtain seo i gCaisleán Uidhilín agus sa cheantar máguaird. Ní hamháin go bhfuil clár leathan imeachtaí acu, ach díríonn cuid de, ar imeachtaí a bheidh á reáchtáil i nGaeilge. 

Is ag an G-Spota a aimseofar sult agus spraoi (!), mar go mbeidh plúr na gceoltóirí ó shaol na Gaeilge i mbun an tseis…  KNEECAP, Emma Ní Fhíoruisce, Thatchers of the Acropolis, Lauren Ní Chasaide agus Abhainn Bheara a bheidh ag baint creathadh as an slua lena n-amhráin chumhachtacha, cumadóireacht chliste, agus ceol aerach, i dtábhairne Savages, ar an Aoine. Beidh sár-cheoltóir Bhéal Feirste, Gráinne Holland agus a banna ag seinm chomh maith. King’s Inn an t-ionad ina mbeidh sí féin, Ciara McCrickard, Tola Custy agus Laoise Kelly. 

Is i nGaeilge a bheidh rang Qigong Ghráinne Ní Ghilín, cleachtadh faoi leith ón tSín a bhaineann leis an gcorp agus leis an intinn. Do na daoine óga a bheidh ag freastal ar an bhféile beidh ceardlann drámaíochta le ceol, rince agus ealaíon, bunaithe ar fheachtas An Dream Dearg — An Dreaimín Dearg tráthúil go maith teideal na hócáide sin. Ceardlann eile do pháistí a bheidh ar bun ná Ag Dearadh Dragúin, nuair a bheidh Máire Zepf ag léamh óna leabhar Rita agus an Dragún agus beidh an té a mhaisigh an leabhar, Andrew Whitson ag tarraingt pictiúr go speisialta dóibh siúd a bheidh i láthair. Mar sméar mhullaigh air sin ar fad, tá Pop Up Gaeltacht eagraithe chomh maith! BÚM.

Club Leabhar, Trumptaí Dumptaí & an Falla Mór, Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, Déardaoin 26 Iúil @ 14:00

Is beag lá nach mbíonn caint ar Donald Trump, nó nach n-éiríonn leis aird na meán a tharraingt air féin. Is ar Uachtarán Mheiriceá atá an leabhar Trumptaí Dumptaí & an Falla Mór dírithe chomh maith, saothar an scríbhneora Ré Ó Laighléis. Tá sé roghnaithe ag club leabhar Chultúrlann Uí Chanáin, do mhí Iúil. Is á léamh agus á phlé a bheidh baill an chlub, agus fáilte romhatsa bheith leo, más áil leat sin. Tiocfaidh siad le chéile san ionad, Déardaoin seo chugainn! 

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste, 22-28 Iúil ‘18

Mar is iondúil, beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar bun arís i mbliana an tseachtain dheireanach de mhí Iúil. I gcaitheamh na seachtaine beidh ranganna Gaeilge, sean-nóis agus rince ar siúl do na daltaí, chomh maith le scoth na n-imeachtaí. Cuirfear amhráin Leonard Cohen i láthair na ndaoine, as Gaeilge, nuair a thabharfaidh Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra faoin ardán do choirm a léiríodh an chéad lá riamh do chlár na féile litríochta Gaeilge IMRAM. Taispeánfar an scannán a chothaigh go leor cainte le bliain anuas, scéal corraitheach Mhaolra Seoighe, Murdair Mhám Trasna; agus beidh stíleanna éagsúla ceoil le clos ó mheascán do cheoltóirí, cuirim i gcás, na hamhránaithe Diane Ní Chanainn agus Bríd Ní Mhaoilchiaráin; mar aon leis an mbanna Danú agus iad siúd a bheidh ag Cabaret Craiceáilte Rónáin Mhic Aodha Bhuí, ina measc Scannal!