Filíocht na Gaeltachta á cur chun cinn do Lá Náisiúnta na Filíochta inniu

Tá togra nua darb ainm ‘Turas Gaeltachta’ ar siúl ag na hOifigigh Pleanála Teanga sa Ghaeltacht inniu leis an bhfilíocht Ghaeltachta a chur chun cinn mar chuid de Lá Náisiúnta na Filíochta 2021. 

Tá cártaí poist ar fáil in oifigí poist na Gaeltachta i 12 cheantar éagsúla  inniu agus táthar ag iarraidh ar an bpobal iad a sheoladh chuig daoine atá ina gcónaí i gceantair eile Ghaeltachta nó ina gcónaí thar lear. 

“Tá muid ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar fhilí na Gaeltachta agus ar shaibhreas cultúir na Gaeltachta ar Lá Náisiúnta na Filíochta. Tá na healaíona lárnach i saol na Gaeltachta, ní rud aisteach nó neamhchoitianta é dúinn go mbeadh daoine ag damhsa ag gabháil fhoinn nó ag rá dánta agus ní raibh aon fhadhb againn saothar ó fhilí an phobail a aimsiú don fheachtas seo,” a dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála teanga na Ceathrún Rua i nGaeltacht na Gaillimhe. 

‘Treoanna Nua: Léarscáileanna agus Turais’ is teideal do théama an lae inniu agus bheartaigh na hOifigigh Pleanála Teanga ‘Turas Gaeltachta’ a dhéanamh den cheiliúradh náisiúnta filíochta. 

Tá na cártaí poist ar fáil saor in aisce sna hoifigí poist, sna scoileanna, agus i siopaí na Gaeltachta, agus tá comórtas ar siúl ag ar na meáin shóisialta faoi láthair bailiúchán de na cártaí uilig a bhuachan. 

Dháréag filí atá ar an liosta: Aogán Ó Muircheartaigh as Corca Dhuibhne; Dónal Ó Liatháin as Múscraí; Donnchadh C Ó Laighin, Proinsias Mac a Bháird, agus Máire Dinny Wren as Dún na nGall; Máirtín Chóil Neaine Pháidín as Gaeltacht na Mí; Máire hOibicín Uí Eidhin, Mícheál Ó Cuaig, Moya Roddy, Ciarán Ó Fátharta, agus Máire Uí Fhlatharta as Gaeltacht na Gaillimhe.