Filíocht Nuala Ní Dhomhnaill i Sínis d’Athbhliain na Síneach
Rogha dánta ó Nuala Rua le Bliain an Mhadra a cheiliúradh

Beidh filíocht Nuala Ní Dhomhnaill á léamh i Sínis an tseachtain seo mar chuid den cheiliúradh Éireannach a dhéanfar ar Athbhliain na Gealaí.

Cuireadh tús ag an deireadh seachtaine leis an gceiliúradh domhanda ar Athbhliain na Gealaí, nó ‘Athbhliain na Síneach’ mar a thugtar uirthi ainneoin go mbaintear úsáid as an bhféilire i dtíortha eile freisin, agus tá clár bríomhar imeachtaí ar siúl i mBaile Átha Cliath mar chuid d’Fhéile Athbhliain na Síneach Bhaile Átha Cliath.

Beidh an file iomráiteach Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh a cuid filíochta ag imeacht in Literature Ireland ar Shráid na bhFíníní mar chuid den fhéile. Tá filíocht Nuala aistrithe go Sínis ag an scoláire sean-Ghaeilge Fangzhe Qiu, ó Ollscoil Mhá Nuad, agus beidh na leaganacha Sínise á léamh aige sin ag an ócáid chéanna.

D’fhoilsigh Fangzhe, ar cara mór é leis an bhfile, leabhar dá leaganacha aistrithe d’fhilíocht Nuala dhá bhliain ó shin faoin teideal 蛾子纷落的时刻:诺拉·尼高纳尔诗选 / Am lonnaithe na leamhan: Rogha Dánta. 

Dúirt Nuala le NÓS go bhfuil an obair idirchultúrtha seo thar a bheith tábhachtach don dá chultúr agus go gcuireann sé gliondar ar a croí an Béarla, an Ghaeilge agus an tSínis a chloisteáil ó mhac Fangzhe.

“Ní fheicim go bhfuil mórán cosúlachtaí idir filíocht na hÉireann agus filíocht na Síne ach tá an cineál seo oibre an-tábhachtach. Tá cur amach i bhfad níos fearr ag Fangzhe ar fhilíocht na hÉireann, idir shean-Ghaeilge agus Ghaeilge ár linne, ná mar atá agamsa ar fhilíocht na Sínise, ach tá an obair an-tábhachtach,” a dúirt sí.

Beidh filíocht Bhéarla an fhile Éireannaigh Harry Clifton á léamh i Sínis freisin ar an oíche agus í aistrithe ag bean chéile Fangzhe, Lijing. Beidh ceol dúchais na Síne á chasadh le linn na hoíche ag Jiani Liu Doyle ar an gcruit Shíneach, nó an ‘siotar’.

Taispeánfar an scannán cáiliúil Gaeilge Yu Ming Is Ainm Dom le linn na féile freisin ag Aonach an Earraigh. Beidh an tAonach ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine ag an CGQ i gceantar na ndugaí i mBaile Átha Cliath. Bunaithe ar théama an mhadra a bheidh ‘庙会’ (‘aonach teampaill’) na bliana seo le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain an Mhadra.

Beidh idir shiamsaíocht, ranganna, cheardlanna, bhia agus taispeántais ar siúl mar chuid den Aonach agus taispeánfar an scannán clúiteach ar an dá lá.