Fleadh Cheoil na hÉireann agus ceithre imeacht eile

Fleadh Cheoil na hÉireann, Droichead Átha, 17, 18, 19 Lúnasa ’18

Má tá fonn poirt ort, dírigh d’aird ar Dhroichead Átha an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh scata port le clos ag Fleadh Cheoil na hÉireann, mar aon le hamhráin, portaireacht, rince agus cleachtadh! Beidh comórtais ar bun i rith na seachtaine agus is iad na comórtais sin a mheallann go leor den lucht freastail. Is iad na céilithe agus coirmeacha a mheallann cuid eile; agus cuid eile a bhíonn ann díreach ar mhaithe leis an spraoi. I measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm ann i mbliana, beidh na Hothouse Flowers, Muintir Mhic Gabhann (Caitlín, Bernadette, Tony. srl.), Téada le Séamus Begley agus Damien Dempsey. Beidh lucht Fleadh TV ar an láthair agus an t-aicsean ar fad le feiscint beo ar TG4. Go deimhin beidh Raidió na Gaeltachta ar an láthair chomh maith ag craoladh beo ón ródaí. Beidh siad ann ar an Satharn, óna 2 pm le Rabharta Ceoil ón bhFleadh. Imeachtaí go leor, sa chontae is lú sa tír… táim féin ag súil go mór leis!


I.Regatta an Daingin, 18–19 Lúnasa, Cuan an Daingin, Co. Chiarraí @ 14:00

II. Ráiseanna Bhéal Bán, 19 Lúnasa @ 15:00

Beidh baile an Daingin arís faoi dháir an deireadh seachtaine seo agus regatta bliantúil na háite ar siúl! Is beag deireadh seachtaine nach mbíonn rud éigin ar siúl ag na Ciarraígh sa cheantar seo, bíodh gur ráiseanna a bhíonn eagraithe, féilte fiú, nó seisiúin cheoil. Idir óg agus aosta a bheidh san iomaíocht sna ráiseanna báid seo, le catagóirí éagsúla ar an gclár, cuirim i gcás faoi 12, 14, 16, 18 agus rannóga dóibh siúd atá beagáinín níos sine! Beidh comórtais mheasctha ar siúl agus tá ráiseanna faoi leith eagraithe in ómós don taiscéalaí Tom Crean agus don fhear áitiúil Aloyslous Ó Ciobháin, nach maireann, chomh maith. Gan trácht fiú ar na duaiseanna breátha airgid atá le baint, atá urraithe ag muintir gnó an cheantair.

Ní hamháin sin ach beidh Ráiseanna Bhéal Bán ar siúl Dé Domhnaigh beag seo chomh maith! Lá mór rásaíochta agus siamsaíochta seanbhunaithe a bhíonn ar siúl ar thráigh Bhéal Bán gach samhradh (ag brath ar an aimsir)! Bíonn capaill agus pónaithe ó áiteanna éagsúla timpeall na tíre san iomaíocht mar aon le comórtas don mbean agus fear is fearr gléasta! Spraoi don gclann ar fad.


Éilís Ní Chinnéide agus Steve Cooney, Tigh Fota, Carraig Thuathail, Dé Céadaoin, 22 Lúnasa @ 19:30

Tá ceolchoirm speisialta beartaithe do Charraig Thuathail i gCorcaigh an tseachtain seo. An sárghiotáraí Steve Cooney a bheidh ag tabhairt tionlacan d’Éilís Ní Chinnéide, an t-amhránaí breá ó Chorca Dhuibhne. Is i dTigh Fota atá an choirm seo le bheith ar siúl mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta. €20 costas na dticéad, agus tá bia san áireamh sa phraghas sin chomh maith. Nach deas an tslí a bheadh ann chun do thráthnóna a chaitheamh!


Turas trí Ghaeilge, Listen Now Again, Ionad Oidhreachta agus Cultúrtha Bhanc na hÉireann, Baile Átha Cliath, 25 Lúnasa @ 14:00 (foláireamh, is fiú ticéad a cheannach go luath!)

Tá taispeántas faoi Seamus Heaney ar siúl in Ionad Oidhreachta agus Cultúrtha Bhanc na hÉireann faoi láthair, Listen Now Again an teideal atá air, agus is ábhar cartlainne atá le feiscint ann – doiciméidí, saothar nár foilsíodh riamh, grianghraif, nótaí, litreacha a scríobh sé – i measc eile. Tá scéal tagtha chugam go mbeidh turas trí Ghaeilge ar fáil ar an taispeántas. Chun d’áit a chinntiú ar an turas seo, bí cinnte go gcláraíonn tú ag an nasc seo. Níl costas ar na ticéid, ach b’fhiú iad a lorg anois, déarfainn go mbeidh tóir orthu!