GAILEARAÍ: Féile Oirnithe Fhondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn

Reáchtáladh an chéad ócáid de chuid Fhondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn in New York ag an deireadh seachtaine. Bunaíodh Fondúireacht Dhubhghlas de hÍde d’fhonn cláir a fhorbairt a chuideodh le fís Dhubhghlas de hÍde, céad uachtarán na hÉireann, a fhíorú agus chun athbheochan agus úsáid na Gaeilge in Éirinn agus i measc Diaspóra na nÉireannach agus ar fud na cruinne a chur chun cinn.