Tweetáil, scúpáil, agus Acht Gaeilge idir chamáin ag Imbolc
tuairisc ar 'TedTalks' na Gaeilge

“Inspioráid na bliana” a chuireann lucht Fhéile Imbolc ar fáil, a mhaíonn siad. Tá an chomhdháil lae á cur ar siúl go bliantúil i mBaile Bhuirne ó 2009. Táim féin ag sú inspioráide aisti ó 2011. 

I mbliana thosaigh an deireadh seachtaine domsa nuair a bhuail mé le comrádaí ag an aerfort am lóin Dé hAoine, eisean tagtha ón nGearmáin chun aghaidh a thabhairt ar Imbolc. Thug muid an bóthar ó dheas orainn féin, ag bailiú beirt chomrádaí eile fan na slí go dtí go raibh Gaeltacht bheag sa charr ag dul ó dheas, le páirt a ghlacadh i nGaeltacht mhór.

Ar an ndrochuair, cuireadh roinnt moille orainn faoin mbealach agus is go maolchluasach a shleamhnaigh muid isteach i gceolchoirm Zoë Conway agus John McIntyre idir dhá phort. Ar ndóigh, bhí orainn dul go cúl an Ionaid Chultúrtha toisc go raibh an teach lán!

Tá an tIonad Cultúrtha díreach ar an méid ceart go mbíonn slua maith ann ach gur féidir le ceoltóirí seinm gan callairí agus teicnic má thograíonn siad é.  Thug an lánúin cheolmhar taispeántas den scoth uathu a léirigh réimse a gcumas agus Zoë go háirithe ag baint ceol sí as a fidil — Gaelach,  Hillbilly agus Clasaiceach. 

Chan siad roinnt amhrán binne freisin – cuid acu ag tarraingt as fhilíocht na Gaeilge. Tá siad seo ar fáil ar an CD Allt, comhoibriú eatarthu agus Julie Fowlis agus Eamonn Doorley.  Thapaigh mé an deis ag an mbriseadh é cheannach!

Bíonn na cainteanna ag Imbolc á dtaifeadadh agus na físeáin ar fáil ar an idirlíon ina ndiaidh. Ach is minic a bhíonn an t-allagar idir na cainteanna níos spéisiúla arís — agus cuireadh tús leis sin sa Mhuileann an oíche sin. Is ann a fhanann na haíonna agus cinntím féin le taithí na blianta, leaba a bheith agam ann freisin! Tarraingt bhreise is ea an bia, gan trácht ar leann Fhia Bán a bhfuil ocht nó naoi gcinn de bheoir ceirde sainiúla á ndéanamh acu ar an mbaile.

Idir chomhluadar agus cheol, ní raibh sé luath nuair a chuaigh mé a luí. Mar sin féin bhí mé i mo shuí in am le bricfeasta maith a ithe — agus bhí allagar spreagúil ag an mbord bricfeasta sular thug muid aghaidh in aon chor ar an Ionad Cultúrtha.

Go hiondúil seachnaítear ceist na Gaeilge féin ag Imbolc. Shílfeá b’fhéidir gur sárú ar sin gurbh iad dís na Pop Uipe, Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha a chuir tús le himeachtaí. Ach ba mhó a d’fhoghlaim mé óna gcuid cainte faoin margaíocht foinse oscailte agus bolscaireacht ná rud ar bith eile. 

Lean Tadhg Ó Súilleabháin iad le léargas ar a thaighde faoi conas mar a tháinig na comhair chreidmheasa tríd an géarchéim airgeadais, i gcodarsnacht leis na bainc, agus go háirithe i gcodarsnacht leis na scéalta scéine a bhí á scaipeadh ag na nuachtáin fúthu. Bhí a chuid fíricí aige agus na tátail a bhain sé astu ag teacht leo. Beag ionadh gur rialúcháin cúramach agus eolas cruinne ba chúis leis nár theip ach sé cinn as 400 comhar creidmheasa.

D’inis Zoë Conway scéal a beatha dúinn; á léiriú le ceol ar an veidhlín. Labhair sí ar thacaíocht a tuismitheoirí, ar amhras oidí a chreid i ndeighilt dhaingean idir an ceol Clasaiceach agus an ceol Gaelach, mar a thit sí i ngrá le veidhlín ar leith agus na híobairtí a rinne a hathair agus í féin chun bheith in ann é cheannach.  Léiriú ar an dua a bhaineann le barr cumais a chur ar thallann, chomh maith le tábhacht tacaíocht tuismitheoirí, teaghlaigh agus oidí.

Ba ar chrann Shiobhán Ní Dhuinnín a thit sé tús a chuir le himeachtaí an tráthnóna, i ndiaidh an lóin. Is í an rinceoir cónaitheach san Ionad Cultúrtha faoi láthair, agus bhí labhairt, rince chomhaimseartha agus físeáin san áireamh sa léargas a thug sí dúinn ar a cuid oibre.

Thug Ian Malcolm, cé go dtacaíonn sé féin le hAcht Teanga, léargas shoiléir ar mheon an phobail Aontachtaigh i leith na teanga agus go háirithe i leith an Achta — agus an gá an meon sin a chuir san áireamh. É den tuairim gur gá do phoblachtaigh bheith airdeallach faoin éifeacht a bhíonn ar a gcuid friotail maidir leis an nGaeilge mar uirlis sa streachailt, nó go deimhin meas ar an nGaeilge mar shlat tomhais ar mheas ar náisiúnaithe.  

Spreag sin caint teasaí le linn na gceisteanna agus ina dhiaidh — ach ba mhaith a bhí Ian in ann seasamh go daingean lena thaithí agus a eolas. Ní dóigh liom gur laghdaigh sé an pléisiúr a bhain sé as an leann sa Mhuileann gur lean an plé!

Thug Ailbhe Ní Ghearbhuigh caint fhileata ar an bhfile ag fáisceadh filíocht as an gcathair – fiú más a mhalairt a bhí á dhéanamh aige féin, fearacht an Díreánaigh. Ach go raibh malairt samplaí ann: Biddy Jenkinson, Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, ag Ailbhe féin.

Chuir Teresa Lynn clabhsúr leis na cainteanna lena léargas ar ról na meán sóisialta i gcothú agus i gcaomhnú mionteangacha, an Ghaeilge san áireamh. Buanú teanga í a ghiolcadh!

Bhí cúpla uair a chloig ann idir deireadh an gcainteanna agus dinnéar na féile sa Mhuileann agus thapaigh cuid againn an deis siúl tríd an gcoill dhiamhair go reilig Ghobnatan. Áit a bhfuil Liam Ó Muirthile anois curtha i measc lucht éigis eile — Sean Ó Riordáin, Muintir Riada, agus an Dochtúir Ó Loinsigh.

Tá stair agus dúlra saibhir san áit.

Ard-deireadh seachtaine inspioráide a tharraingeoidh muid as go ceann i bhfad. Beimid ar ais!