Gradaim buaite ag Muireann Nic Amhlaoibh agus BLOC

Bhí oíche mhór ann do na Gaeil aréir agus gradaim buaite ag an gceoltóir Gaeltachta Muireann Nic Amhlaoibh agus ag BLOC TG4 ag dhá shearmanas i mBaile Átha Cliath aréir. 

Bhuaigh Muireann, as Corca Dhuibhne, an duais don amhrán is fearr ag RTÉ Folk Awards dá leagan den amhrán ‘Bean Dubh an Ghleanna’. Bhí Muireann i láthair ag an searmanas bronnta in Amharclann Shráid an Bhiocáire i mBaile Átha Cliath aréir, ócáid a craoladh ar raidió RTÉ. 

Ainmníodh Muireann freisin dá halbam Foxgloves & Fuschia sa rannóg ‘Albam na Bliana’ agus sa rannóg ‘Amhránaí Traidisiúnta na Bliana’. Ba le vóta poiblí a roghnaíodh Albam na Bliana agus ba iad We Banjo 3 a thug leo an gradam sin dá n-albam Haven. Ba ar Radie Peat as Baile Átha Cliath a bronnadh an gradam d’Amhránaí na Bliana. 

Seo an chéad bhliain a reáchtáladh Radio One Folk Awards agus i measc na gceoltóirí a bhuaigh gradaim bhí Lankum, Declan O’Rourke agus Martin Hayes. 

Idir an dá linn, bhuaigh BLOC, ardán ar líne de chuid TG4, gradam ag na Bloggies don bhlag Gaeilge is fearr. Sa dara háit bhí an blag peile Na Dubs Abú, agus sa tríú háit bhí Mini Múinteoir