• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Cartúin
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Craiceann
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

21ú Eanáir 2017

Cultúr#GCNÓS

Grianghraif: Mark Earley

IMLÉ agus Aeons
Buaiteoirí móra Ghradaim Cheoil NÓS 2017


Idir an ceol iontach agus an ceiliúradh ar fad, bhí sároíche ag na Gaeil a bhailigh le chéile sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, aréir do Ghradaim Cheoil NÓS 2017.

Seo an dara huair ag NÓS gradaim a reáchtáil dírithe ar an nuacheol Gaeilge agus tar éis scoth an hoíche arís i mbliana is cinnte go mbeidh sé ina ócáid bhliantúil feasta!

Bhí os cionn 30 ceoltóir nó banna ar an iomlán, mar aon le plúr na bhféilte ceoil sa tír, san iomaíocht i seacht rannóg agus bhí siad ar fad, mar aon le cúpla céad tacadóir agus leantóir ceoil, i láthair in ionad cúláilte siamsa na príomhchathrach.

Ba iad IMLÉ mórbhuaiteoirí na hoíche agus trí ghradam bronnta orthu sna rannóga ‘Banna na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Amhrán na Bliana’ dá rian ‘Críochfort’.

Agus tús curtha ag Aeons leis an oíche mhór cheoil, tháinig Muireann Nic Amhlaoibh, príomhamhránaí an ghrúpa, amach ar an ardán faoi dhó le gradam a thógáil do ‘Núíosach na Bliana’ agus ‘Físeán na Bliana’ le haghaidh ‘Bealtaine’.

Bronnadh an gradam d’Albam Traidisiúnta na Bliana ar Shíle Denvir ar son ‘Caithréim’, bailiúchán álainn ceoil agus amhráin le Pádraig Mac Piarais, agus tháinig Féile na Gealaí amach chun tosaigh sa vóta poiblí Féile na Bliana.

Vóta poiblí an iarraidh seo! An fhéile is fearr ag spreagadh an nuacheoil… FÉILE NA GEALAÍ! @FeilenaGealai #GCNÓS pic.twitter.com/9AddjrzMjW

— NÓS (@nosmag) 20 Eanáir 2017

Chomh maith leis na gradaim féin bhí ceol beo den chéad scoth ó thús go deireadh na hoíche le Aeons, Spats Colombo, Eve Belle, Clann Snyder, Dysania, JJ Ó Dochartaigh mar aon le Caitlín agus Ciarán le Cathal Ó Curráin.

Ba é craoltóir An Taobh Tuathail, Raidió na Gaeltachta, Cian Ó Cíobháin agus Eagarthóir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, a stiúir cúrsaí ar ardán agus bhí Rossa Ó Snodaigh, Bláthnaid Ní Chofaigh, Ciarán Ó Meachair, Sinéad Ní Uallacháin agus Ciarán Ó Cofaigh ina measc siúd a bhronn na gradaim ar na ceoltóirí buacha.

Tá muid féin ag tnúth go mór leis an chéad bhabhta eile cheana!

Míle buíochas le gach duine a bhí i gClub an tSiúcra aréir, moladh go deo do gach iomaitheoir agus comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí!


Liosta Iomlán na mBuaiteoirí

AMHRÁN NA BLIANA: Críochfort – IMLÉ
ALBAM NA BLIANA (NUACHEOL): IMLÉ
ALBAM NA BLIANA (AMHRÁIN THRAIDISIÚNTA): Caithréim – Síle Denvir
FÍSEÁN NA BLIANA: Bealtaine – Aeons
NUÍOSACH NA BLIANA: Aeons
BANNA / CEOLTÓIR NA BLIANA: IMLÉ
FÉILE NA BLIANA: Féile na Gealaí – Rath Chairn, Co. na Mí

Scéalta Eile

Léarscáil ealaíonta Ghaeilge de Dhoire deartha ag ailtire óg as an gcathair

COMÓRTAS: ‘Tinte na Farraige Duibhe’ le buachan

‘An greann fite fuaite i scéal lán téamaí dorcha’léirmheas ar 'Tinte na Farraige Duibhe'

Leabhar nua do léitheoirí óga foilsithe ag bean Ghaeltachta

‘Blinding Lights’ as Gaeilge agus Breatnais agus achainí Choláiste Lurgan ar an Roinn



Nós

Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

Déan. Bris. Léigh.
  • Faoi NÓS
  • Físeáin NÓS
  • Gradaim NÓS 2021
  • Fógraíocht
  • Teagmháil
  • About NÓS
Teagmháil

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
eolas@nos.ie


cc.white  2020 Rua Media