In ainm Mhic Reachtain
Ardfhéile i dTuaisceart Bhéal Feirste an tseachtain seo!

IMLÉ, Dysania agus LAS, Enda Reilly agus Inni-K (thuas), John Spillane, Shane Hennessy, laochra IMRAM… sin díreach cuid de na haíonna móra a bheas le cluinstin an tseachtain seo i dtuaisceart Bhéal Feirste ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.

Ó bunaíodh í sa bhliain 2000, tá iomrá na féile seo ag dul i dtreis gach bliain agus í áirithe anois i measc na seod i bhféilire na Gaeilge agus na n-ealaíon sa tír.

Idir na ranganna Gaeilge (atá lán go doras i mbliana); na ceardlanna ceoil, damhsa agus amhránaíochta; Siúlóid Bheann Mhadagáin, ina gcuirfidh Cormac Ó hAdhmaill síos ar chuid de na heachtraí a bhain don Éireannach Aontaithe, Anraí Joy Mac Reachtain; na taispeántais agus na coirmeacha iontacha ceoil a bheas ag titim amach gach aon oíche ón Luan go Satharn, gealltar seachtain mhór siamsa agus spraoi d’óg agus aosta araon.

An Corcaíoch ceolmhar John Spillane agus Shane Hennessy, sárghiotaraí a bhfuil albam nua Marrackech á sheoladh aige, a chuirfidh tús leis an tsraith cheolchoirmeacha ar ardán Bharr an Tí anocht ag 9in.

Oíche Dé Máirt, beidh scoth an cheoil ó INNI-K agus Enda Reilly agus a rogha-san amhrán i nGaeilge agus Béarla á ceol acu.

An lá arna mhárach ansin beidh amhráin mhóra leis an laoch David Bowie á gcur i láthair ag draoithe IMRAM – Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra – sa Tionscadal ‘Réaltnach.

Beidh fuaimeanna func, trad bríomhar agus rifteanna rac san aer ag ‘Cóisir Cois Cuain‘ oíche Déardaoin, tráth a thiocfaidh IMLÉ, LAS (thuas) agus Dysania le chéile d’oíche mhór cheoil agus scléipe.

Dé hAoine 28 Iúil, tiocfaidh Caitlín Ní Chualáin – a thug léi Corn Uí Riada, mórdhuais amhránaíochta an tSean-Nóis, anuraidh – i dteannta dheartháireacha Devany, damhsóirí aitheanta as Conamara, chomh maith leis an amhránaí Noleen Ní Cholla as Tír Chonaill d’Oíche Airneáil na Féile.

Mura leor sin, beidh Máirtín Ó Connor, Róisín Elsafty agus Dónal Lunny ag ceol oíche Shathairn agus cluinfear an réalta óg Megan Nic Ruairí rompu.

Tá £11.95 ar thicéad ceolchoirme agus is féidir ticéad seachtaine a fháil, a scaoilfear thú isteach i ngach aon cheann de na ceolchoirmeacha ar £40!

Dá mbeadh Anraí Joy ar an saol inniu, is cinnte go mbeadh sé sásta go raibh sé luaite leis an spraoi agus leis an oidhreacht shaibhir Ghaelach seo ar fad.