Is glas iad na… nuafhocail?
'Nuafhocail' don 21ú hAois!

Tá an-saibhreas go deo le fáil sna seanfhocail. Ar an drochuair tá cuma beagán seanchaite ar roinnt acu. Nár dheas leaganacha nuashonraithe a scríobh a d’oirfeadh don saol sa lá atá inniu ann?

Seo daoibh mar sin seanfhocail ina nuafhocail. Míle buíochas leis an dream ar fad ó GaelGÁIRÍ agus eile agus spreag roinnt acu seo. An bhfuil aon smaointe agat féin? Roinn do chuid iarrachtaí féin linn ar na meáin shóisialta!

“Is maith an t-anlann an Thousand Island Dressing.”

“Giorraíonn JCB bóthar.”

“Is fearr cara ar Facebook ná punt sa sparán.”

 

“Is maith an scéalaí an bhean a shaothraíonn a cuid trí scéalta a insint go gairmiúil.”

“Níl aon tinteán mar na cinn sin a dhíoltar in Ikea.”

“An rud is annamh… ní tharlaíonn sé rómhinic.”


“An tae nach bhfuil láidir ní foláir… an mála a fhágáil ann níos faide.”

“Níl aon leigheas ar an ngrá más herpes atá ann.”


“Is fearr rith maith ná drochsheisiún sa gym.”

“Is binn béal atá fíor-auto-tiúnáilte.”