Is mithid do Ghaeil na hAlban seilbh a ghlacadh ar Lá Fhéile Aindrias

Inniu Lá Fhéile Aindrias in Albain, agus tá ceiliúradh beag á dhéanamh ar fud na tíre sin ar ‘Lá Náisiúnta na hAlban’ — cé gur beag cosúlacht ag atá an gceiliúradh a dhéantar i náisiúin na Ríochta Aontaithe agus an ceiliúradh a bhíonn ann i dtíortha eile. 

Ar ndóigh, ní féidir gan cuimhneamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Lá na Saoirse ar an 4 Iúil, bíonn ceiliúradh mór millteach náisiúnta ag na Poncáin an lá sin — scoileanna dúnta, cóisireacha móra i ngach cathair agus baile beag, agus lá saor ón obair ag céatadán an-mhór den phobal.

Ach bíonn a lá féin ag go leor tíortha timpeall na cruinne — na Francaigh agus a la Fête nationale/le 14 julliet, mar shampla.

Is dóigh gur féidir linne na hÉireannaigh a mhaíomh go bhfuil an lá náisiúnta is aitheanta agus is cáiliúla ar fud an domhain againn — Lá Fhéile Pádraig. Ní cheiliúrtar aon tír eile chomh mór sin i dtíortha thar lear ar an lá náisiúnta agus is beag duine a bheadh in ann laethanta náisiúnta thíortha eile na hEorpa a ainmniú go héasca. D’éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas bolscaireachta. 

Ba é Conradh na Gaeilge ag thug Lá Fhéile Pádraig go hÉirinn, dáiríre. Ritheadh rún ag Ard-Fheis na heagraíochta i Luimneach in 1901 go n-aithneofaí Lá Fhéile Pádraig mar ‘Fhéile Náisiúnta’ agus anois, beagnach 120 bliain níos deireanaí is é Lá Fhéile Pádraig an lá is tábhachtaí ó thaobh na féiniúlachta náisiúnta in Éirinn é.

Níl aon amhras ormsa mar Ghael go ndeachaigh bunú agus buanú na féile náisiúnta chun leas na Gaeilge agus chun le leas Shaoirse na hÉireann sna luathbhlianta sin agus suas le 20,000 duine ag glacadh páirte i mórshiúl i mBaile Átha Cliath in 1902 le fógairt gur Éireannaigh Ghaelacha iad. Sheas na mílte i Margadh na Feirme i dtuaisceart na cathrach ag éisteacht le hóráidí Gaeilge ó Chonraitheoirí móra na linne, Dubhghlas de hÍde ina measc. Ba ansin a cuireadh tús leis an mbailiúchán náisiúnta a bhíonn ar siúl ag an gConradh fós an tráth sin bliana. 

Is mithid mar sin, dar liom, do Ghaeil na hAlban seilbh iomlán a ghlacadh ar a ‘Lá Náisiúnta’ agus úsáid a bhaint as an lá le meas agus suim a spreagadh i ngluaiseacht na saoirse in Albain. Mar is eol dúinn uilig, theip ar chúis na saoirse cúig bliana ó shin sa reifreann in Albain, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí polaitíochta na mBreatain agus tá deis arís ann an tír a mhúscailt.

Dá dtiocfaí i dtír ar Lá Fhéile Aindrias leath chomh maith céanna agus a thángthas i dtír ar Lá Fhéile Pádraig mar bhealach chun féiniúlacht agus féinmheas láidir a spreagadh i measc na nAlbanach, bhainfí go leor tairbhe as an bhféiniúlacht agus féinmheas céanna an chéad uair eile a bheifear sa mbothán vótála. 

Tá spéis bheag i Lá Fhéile Aindrias i láthair na huaire, ach ní dóigh liom go meallfaí 20,000 duine go lár Dhún Éideann ná Ghlaschú le páirt a ghlacadh i léiriú fíor-Albanach. Tuigim go maith go bhfuil an scéal níos casta in Albain ná mar atá in Éirinn, agus nach Gael é an uile dhuine ann, ach bheinn ag súil go gcuirfí fáilte roimh chuile dhuine i bPoblacht nua na hAlban.