Ailbhe faoi Agallamh
& a cnuasach nua filíochta á sheoladh amárach i mBÁC.

Labhair an file Duibhneach Simon Ó Faoláin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh faoina cnuasach nua filíochta ‘Tost agus Allagar’ a bheidh á sheoladh amárach i gClub an Chonartha i mBÁC.


Is fada ó seoladh chéad chnuasach Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTrá Lí, a baile dúchais, sa bhliain 2008.

Bhíomar beirt ag tógaint na mórchéime tosaigh ar bhóthar na rann an bhliain úd, agus mo chéad leabhar filíochta féin seolta roinnt míonna roimis sin.

Turas thar Chonrach tógtha agam tré chlapsholas Samhna le bheith i láthair i gcaife Reuben ar an mbaile.

Atmaisféar bríomhar beoga ann agus slua bailithe istigh.

Tús maith agus an teideal – Péacadh – oiriúnach don leabhar agus don ócáid araon.

Bhíomar tamall fada ag fanacht leis an tarna ceann ó pheann Ailbhe, ach anois tá Tost agus Allagar buailte linn.

Is teideal suimiúil é agus chuireas ceist ar an údar faoin rud atá i gceist leis.

“Baineann na dánta in Tost agus Allagar le modhanna cumarsáide – bídís labhartha nó ós íseal,” a deir Ailbhe, “le teangacha neamhghnáthacha agus lenár dteagmháil le hainmhithe nach bhfuil cumas labhartha acu.”

Casaim léi an tuairim go mb’fhéidir go bhfuil an tseanchnámh sin, cás na Gaeilge, sa chúlra.

“Is cinnte go bhfuil cuid acu ag tagairt go cliathánach do cheist na teangan, ach chuireas romham ábhar na ndánta a shíneadh amach thar theorainn na tíre seo agus chás na Gaeilge.”

Tá an freagra seo suimiúil mar go léiríonn sé athrú fócais agus leathnú peirspictíochta ó na dánta in Péacadh, go raibh gach cuma orthu gur bhaineadar go díreach le saol agus le taithí phearsanta an fhile.

Tagann Ailbhe leis an tuairim sin.

“Is minic a bhíonn luathshaothar scríbhneora ag tagairt dá bheatha féin de cheal taithí ar an saol mór.

“Is deacair scríobh i dtéarmaí an tsaoil mhóir nuair nach bhfuilir ach ag cur aithne ort féin mar dhuine fásta,” ar sí.

Is fíor an méid seo: cé go bhfuil sofaisticiúlacht ag baint le dánta a chéad cnuasaigh, tá stíl dhíreach, ionraic, phearsanta iontu a chruthaíonn neasacht a mheallann an léitheoir.

tostcover

Cad atá athruithe mar sin?

“Maidir le Tost agus Allagar, thógas mo chuid ama á chur i dtoll a chéile de réir mar a d’fhás téama na teagmhála daonna i mo cheann,” ar sí.

“Bhíos ag iarraidh scríobh ar chúrsaí seachtracha mar tá sé saghas leamh a bheith de shíor ag breathnú isteach ort féin, gan trácht ar a bheith mífholláin!”

Tá athrú nach beag ann, mar sin, agus tugann Ailbhe le fios go bhfuil personae sa leabhar, anuas ar phearsa laethúil an fhile.

“Tá dánta in Tost agus Allagar scríofa sa chéad phearsa nach mbaineann liomsa go pearsanta, ach tá sé de mhisneach anois agam sin a dhéanamh, rud nach raibh cheana, b’fhéidir,” ar sise.

Óna bhfuil ráite aici féin faoin gcnuasach nua, cheapfaí gur féidir linn bheith ag súil le saothar andúchasach, suimiúil, seachtrach in ionad an coimhthiú inmheánach uaigneach atá i réim san fhilíocht iartharach ó Ré an Rómánsachais i leith.

Ach an bhfuil sí deighilte amach chomh mór sin ón ábhar?

“Bíonn gach uile scríbhneoir cráite go pointe ag uirlis seo na teangan, ag iarraidh teacht ar an bhfocal beacht.

“I gcás na Gaeilge, bíonn ualach níos troime fós i gceist mar bíonn ort an uirlis a chosaint i láthair daoine nach gcreideann gurb ann di.”

Tuigeann gach duine de lucht scríofa agus labhartha na Gaeilge an pointe seo.

Ach conas léargas úrnua a thabhairt ar an bhfadhb seo?

Bhí cur chuige ar leith i gceist in Tost agus Allagar.

“Thosnaíos amach ag lorg eiseamláirí de theangacha eile atá nó a bhí brúite go dtí an t-imeall ach a raibh feidhm thábhachtach leo.

“D’aimsíos cásanna eile a raibh cosúlachtaí láidre idir iad agus an Ghaeilge toisc iad a bheith faoi bhagairt.

“Ansin chuireas spéis i gcumarsáid gan fhriotal – spléachtaí idir deirfiúracha, cuir i gcás – agus an tslí ina labhraíonn tírdhreach linn.

“Bhíos chomh sásta gur aithin Máirín Nic Eoin na snáitheanna éagsúla atá fite tríd an gcnuasach; thug sí léargas iontach orthu sa bhrollach a scríobh sí.”


Seolfaidh Marcus Mac Conghail ‘Tost agus Allagar’ le hAilbhe Ní Ghearbhuaigh i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, i mBÁC, san oíche amárach, an 1ú Aibreán ag a 7.30in. Tuilleadh eolais anseo.