‘An foclóir Béarla-Gaeilge is fearr atá ar fáil’ – léirmheas ar The Concise English-Irish Dictionary

“Ba mhaith leat léirmheas a scríobh ar fhoclóir?” a d’fhiafraigh cara liom díom agus é sa teach an lá cheana, an bheirt againn ag breathnú ar an mórshaothar dearg a bhí leagtha ar an mbord againn. “Céard is féidir a rá faoi ach go bhfuil focail Bhéarla ann agus a gcomhionann i nGaeilge?”

Is féidir i bhfad níos mó ná sin a rá, ar ndóigh, agus an t-ardmholadh atá tuillte ag lucht an Fhoclóra Mhóir a thabhairt dóibh. 

Ó thaobh leagan amach agus ábhar de, seo é an foclóir Béarla-Gaeilge is fearr atá curtha ar fáil ag an stát óna bhunú, agus ní bheadh drogall orm a rá gurb é an foclóir clóite Béarla-Gaeilge is fearr atá ar fáil inniu. 

An chéad rud a thabharfaidh an léitheoir suntas dó, gan amhras, ná méid an fhoclóra. Tá sé dhá oiread, agus breis, níos mó ná a réamhtheachtaí English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe, a foilsíodh in 1959. Tá beagnach 2,000 leathanach ann, agus 2.8kg meáchan sa leabhar. Ar na leathanaigh sin, tá 31,000 ceannfhocal Béarla chomh maith le 100 leathanach sa rannóg ‘Language and Grammar Supplement’. 

Is ar chorp an fhoclóra a tharraingeofar súile an léitheora ar dtús, ar ndóigh, agus is iontach an áis í an “forlíonadh teanga agus gramadaí” ag cúl an leabhair, agus is ansin a gheofar ní hamháin na pointí gramadaí agus táblaí briathra, ach léargas ar mheon agus smaointeoireacht na bhfoclóirithe. Ach fillfidh mé air sin ar ball.

Tá an foclóir féin thar barr. Bunaithe ar ábhar an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, atá ar fáil ar líne ag www.focloir.ie le seacht mbliana anuas, tá 31,000 ceannfhocal Béarla i gcorp an fhoclóra, agus iad leagtha amach go snasta soiléir. 

Murab ionann agus Foclóir Gaeilge-Béarla agus English-Irish Dictionary, is foclóir “daite” é The Concise English-Irish Dictionary. Ní hin le rá go bhfuil léaráidí leis na sainmhínithe, ach go bhfuil dath gorm ar na ceannfhocail, dath dubh ar na sainmhínithe, agus boscaí gorma timpeall ar na frásaí.

Is iad na boscaí gorma frásaí sin an ghné den fhoclóir nua is fearr liom féin. Tá siad fite fuaite sna sainmhínithe fud fad an fhoclóra, agus iad lán cora deasa cainte, samplaí maithe úsáide, agus meafair choitianta an Bhéarla. Tá na leaganacha Gaeilge a thugtar sna boscaí frásaí cruinn, beacht agus, níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, dúchasach. 

Bua eile atá ag an bhfoclóir nua, go mór mór thar Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhomhnaill, ná go gcuirtear na sainmhínithe ar fáil in ord tosaíochta de réir úsáid an lae inniu. An té a léifeadh FGB, bheadh air dul go deireadh na hiontrála leis an mbrí is nua-aimseartha den fhocal a aimsiú. Ó tharla gur ‘Concise’ atá an foclóir seo, déileáiltear leis an mbrí is coitianta leis an leagan Béarla ar dtús, agus tugtar an leagan Gaeilge is mó i mbéal an phobail ar dtús freisin. 

Is i gcorp an fhoclóra a chuirfidh an cainteoir Béarla nó an foghlaimeoir Gaeilge spéis den chuid is mó, is dóigh. Ach is ar an ‘Language and Grammer Supplement’ ar leathanach 1,699 de The Concise English-Irish Dictionary ba cheart an cainteoir Gaeilge a shúil a chaitheamh, ó is ann atá an plé is spéisiúla ar fad. 

Tá os cionn céad leathanach sa gcuid seo den fholcóir, agus plé ann ar mhodheolaíocht na bhfoclóirithe. Cíortar ceisteanna ar nós réim na teanga; an Béarlachas; béarlagair, meamraiméis, an chaint theicniúil, agus an teanga choiteann; chomh maith leis an gCaighdeán Oifigiúil. 

Shílfeá gur ag díriú go sonrach ar na saoithíní teanga (mar dhea) a scríobhann ríomhphoist fheargacha chuig  oifig an Fhoclóra ag a cúig a chlog ar maidin a bhí Pádraig Ó Mianáin agus na nótaí seo á mbreacadh aige, ó tugann sé faoi lucht cáinte na bhfocal ‘leictreachas’ agus ‘abdóman’ gan fiacail a chur ann. 

Tugtar a gceart do na canúintí sa bhfoclóir agus leaganacha éagsúla ar nós ‘fóirsteanach’, ‘feiliúnach’, agus ‘oiriúnach’ tugtha faoin gceannfhocal ‘suitable’. Ach mar a mhínítear sna nótaí, má cinneadh gur leaganacha éagsúla den fhocal céanna a bhí sna canúintí éagsúla, i gcás ‘dog’, mar shampla, ‘madra’ amháin a thugtar agus ní ‘mada’ ná ‘madadh’. 

Tosaíodh an obair ar an bhfoclóir os cionn fiche bliain ó shin, agus bhí ceithre chaighdeán éagsúla i bhfeidhm ó shin:  An Caighdeán Oifigiúil (1958), An Caighdeán Athbhreithnithe (2012), athbhreithniú air sin a rinne Rannóg an Aistriúcháin, agus An Caighdeán Oifigiúil (2017). Mar sin, ní thagann gach leagan Gaeilge a thugtar sa bhfoclóir le rialacha an Chaighdeáin is deireanaí (2017). 

Tá cur síos cuimsitheach ar an neamhréir seo sna nótaí, agus cé go raibh údar maith ag lucht an fhoclóra na cinní a rinneadh a dhéanamh agus an foclóir á chur i dtoll a chéile, ní féidir a shéanadh ach go gcruthóidh an neamhréir seo idir Caighdeán agus Foclóir deacrachtaí go leor do theagascóirí, aistritheoirí, scríbhneoirí, foilsitheoirí, agus mic léinn a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ó lá go lá. 

Ar cheart comhartha ‘Scoil Buachaillí’, mar a mholann An Caighdeán Oifigiúil, nó ‘Scoil Bhuachaillí’, mar a mholann The Concise English-Irish Dictionary a chrochadh? Cá bhfios, ach beidh craic ann á phlé! 

An séimhiú damanta agus an tuiseal ginideach is mó a chruthóidh fadhbanna mar gheall ar an neamhréir seo, chomh maith le rialacha casta na n-uimhreacha (‘na céadta duine’ nó ‘na céadta daoine’?). Ach ní ar lucht an fhoclóra atá an locht seo, agus d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil a gCaighdeán Neamhoifigiúil féin leagtha amach acu, a bhfuil ciall agus réasún leis. 

An cheist dheireanach: tuige a mbeadh foclóir clóite, 2,000 leathanach agus 2.8kg ó dhuine nuair atá www.focloir.ie ann agus an aip ar an bhfón póca? Fút féin atá sé é a cheannach, ar ndóigh, agus ní mholfainn don mhac léinn ollscoile é a iompar ar a dhroim mar a bhí orm féin a dhéanamh le Foclóir de Bhaldraithe deich mbliana ó shin. Ach is deas liom a bheith in ann suí ag bord (mór millteach) agus póirseáil tríd na focail éagsúla atá ann. Cá bhfios nach bhfoghlaimeofá focail nua, Béarla agus Gaeilge, mar atá déanta agam féin le cúpla lá anuas. 

The Concise English-Irish Dictionary ar fáil anois ar €30/£25 ó shiopaí leabhar anois.