‘An greann fite fuaite i scéal lán téamaí dorcha’
léirmheas ar 'Tinte na Farraige Duibhe'

Úrscéal ficsean eolaíochta den chéad scoth é Tinte na Farraige Duibhe. Ba é Tim Armstrong a scríobh an bunleabhar i nGaeilge na hAlba, agus tá jab iontach déanta ag Eoin P Ó Murchú Gaeilge thaitneamhach a chur ar an scéal. Pléitear sa scéal téama an éalaithe i roinnt mhaith gnéithe éagsúla: éalú ó fhulaingt trí dhrugaí; éalú ó thrioblóidí tríd an gceol; éalú ó bhochtanas tríd an imirce; éalú ó leatrom an rialtais trí theitheadh.

Titeann an scéal amach ar ghealach uirbeach dhiostóipeach, Roghail, lán drugaí, clubanna oíche, bochtanais, gainimh, agus fíorghann ar an dóchas. Beartaíonn Sál agus Ríosa, fear agus bean óg (a bhí i gcaidreamh, tráth dá raibh), an ghealach a thréigean go rúnda neamhdhleathach ar roicéad uathoibríoch. Éiríonn leo éalú ón ngealach, ach faigheann na húdaráis amach gur éalaigh siad gan chead agus téann siad sna sála ar an mbeirt. Tugann intleacht shaorga an roicéid, A-Hiom, cabhair don bheirt ar a dtriall. Tá uisce faoi thalamh ann, áfach, agus neach diamhair ag stiúradh na himeartha. 

Taispeántar iontais na cruinne dúinne go healaíonta agus na príomhcharachtair ag taistil ó réaltra go réaltra, ag teitheadh ó phóilíní éillitheacha na Chomhghuaillíochta. Leathchrogaill dhaonna atá sna póilíní, gan trua acu ar mhuintir na cruinne. Buaileann Sál agus Ríosa le réimse leathan neach saolta ar phlainéid éagsúla agus ar na stáisiúin spáis go léir. Cruthaítear cruinne idir-réaltach an úrscéil go saibhir. Bíonn na carachtair ag seinnt ceoil, ag rapáil, ag glacadh drugaí agus, idir an spraoi uilig, ag éalú ó fhórsaí cumhachta na cruinne.

Déantar plé sa scéal suimiúil seo ar théamaí tromchúiseacha chomh maith, a bhfuil macalla acu ar an domhan seo, san fhíorshaol. Pléitear na heiticí a bhaineann le stádas an chine daonna, le turgnaimh ghéiniteacha agus le hintleacht shaorga. Déanann an scéal scagadh ar chiníochas idir-spéicis agus ar chearta oibrithe, ach go háirithe cearta intleachtaí saorga. Iniúchtar an chumhacht agus an fhulaingt a chuireann lucht na cumhachta i bhfeidhm ar gach éinne eile lena gcumhacht a chaomhnú.

D’ainneoin na dtéamaí dorcha sa scéal seo, tá greann fite fuaite tríd agus lonraíonn na carachtair le dóchas nuair a éalaíonn siad arís is arís eile i mbealaí éagsúla. Bíonn fadhbanna cumarsáide maidir le teangacha in úsáid ar phlainéid éagsúla, a mbeadh dáimh ag cainteoirí Gaeilge leo, agus tagairtí spraíúla ann do shaol ghnéis na n-intleachtaí saorga, agus go leor eachtraí eile fhágfaidh an léitheoir ag gáire.

Is scéal iontach é Tinte na Farraige Duibhe, gan a leithéid de scéal ficsean eolaíochta scríofa i nGaeilge go dtí seo agus táim muiníneach go mbainfeadh duine ar bith ardtaitneamh as.