“Beidh trácht feasta ar dhánta seo na duibhe”
Léirmheas ar 'Beatha Dhónaill Dhuibh' le SBÓS

Tá ól agus ithe i gcur i láthair Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin (SBÓS) mar ba léir ina rosc ar son misnigh ar TG4XX Beo (thíos).

Más seoid an chláir é SBÓS, is amhlaidh dá chéad chnuasach filíochta Beatha Dhónaill Dhuibh.

Tá ábhar, cur chuige agus stíl Sheamúis Barra chomh suaithinseach sin go mbeidh trácht feasta ar dhánta seo na duibhe.

Tá na dánta seo, nó leaganacha acu, ar gor ann le tamall de bhlianta anois.

Tá trí chuid sa leabhar: ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’, ‘Loitríocht’ agus ‘Gunsaku Tuathail’.

Cuid áirithe de na dánta táid cloiste acu sin a bhí i láthair ag ócáidí filíochta.

Díríonn ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’ ar charachtar aduain, ‘Loitríocht’ ar dhánta a scríobhadh roimhe sin agus sraith haiku-anna é ‘Gunsaku Tuathail’.

Tugtar ainmneacha éagsúla ar dhánta SBÓS: slamfhilíocht, rachtfhilíocht nó rap féin ach tá cuid acu sách traidisiúnta leis.

Cé go samhlaítear stíl SBÓS leis an lá inniu amháin, ar bhealach tá sé ag filleadh ar dhúchas na filíochta nuair a scríobhann sé don chluais.

Ní leasc leis an t-athscríobh ach oiread, tá dréachtaí iomadúla cloiste de na dánta seo agus iad á reic.

Is fearrde iad dá bhrí sin cé go bhfágann sé ar uairibh go mbeidh nath éigin a bhain meangadh asat 5 dhréacht ó shin ar lár.

Easnamh mór atá air nach bhfeictear is nach gcloistear an cur i láthair, ceann de láidreachtaí SBÓS.

B’fhiú iad a chrochadh ar You Tube nó dlúthdhiosca a chur leis.

Maidir le Dónall Dubh an teidil ní léir cé hé.

Is SBÓS é anseo is ansiúd, uaireanta eile púca, uaireanta eile fós cineál d’Íosa nó an cara leis é?

Scáil an ghalair dhuibh a leanann timpeall é nó cleas a ligeann dó rudaí a rá nach sleamhnódh as a bhéal riamh nó an uile rud in éineacht?

Deirtear linn:

Agus ná bíodh eagla ar bith ortsa, a thaisce.
Bhí Dónall Dubh ann fadó, Is minic a bhí, Agus beidh.
Go deo.

Mínítear conas mar a tháinig ann don Dónall Dubh céanna agus téimid leis ar chosán a shaoil.

Léirítear suáilcí is duáilcí an duine, gan fócas bog an lae inniu orthu, iad ábhar doiléir ach lán le fírinne shearbh.

Tá léiriú in ‘Faoistin’ ar an gcineál saoil lena bpléann dánta Dhónaill.

ar feadh mo shaoil
ní raibh uaim ach cneas a bhualadh
línte cóc spíd is máirín am chur siar ó thuaidh
fallaí folmha an tí ar cíos de shíor sna creathaibh le tiúnaibh

Tá ról na teicneolaíochta sa saol iarbhír le feiceáil ar fud an chnuasaigh: ‘an físeán deiridh’ agus ‘Brabhsálaí Dhónaill: Físeáin ag treochtáil’.

I dteanga SBÓS tá macallaí seanársa agus crua-chaint an lae inniu le clos.

In ‘Fuadach Fight Club’ feictear an Ghaeilge chlasaiceach agus Tyler Duran in adharca a chéile “tan do dhíbear Dónall deamhan dorcha dá cholainn”.

Tá fealsúnacht ina horlaí tríd.

Go minic is as béal té na meisce a thagann an foilsiú, féach ‘I nGluaisteán ar bharr Chnoc an Fhómhair’.

níl faic na ngrásta
agamsa sa tsaol so
a gharsúin

níl aon teora
le mo
mhaoin …’

bhí an toitín
nach mór dóite
ar a bheolaibh

fén dtráth so

is a dhá shúil
imithe siar

ina phlaosc.

Ceann de na dánta is cumhachtaí ann ná ‘Gaoth Dobhair do Rónán Mac Aodha Bhuí’.

Léargas is ea é ar eachtra ina dtagann scaoll ar Dhónall agus é amuigh faoin spéir.

Leis sin, nochtaítear rud éigin faoina shaol ann agus ar filleadh dó ar an tigh tábhairne teolaí, slogann Dónall agus guth an dáin a chéile.

Ní fhaca, is baolach,
ach réaltbhuíontaí Leath Choinn
na Saighneáin is súile donna a Mháthar
ag casadh mar thoibreacha gan tóin
tré spéartha gloine a shúl

is do ghluaiseamamar aon scáth isteach
i gcór cibealach
an tábhairne.

Cé go bhfuil sprideanna ann tá an díchreideamh ann go tréan.

In ‘Cuimhne ar Shean-Dhónall’ deirtear “Muintir Dé muintir an Diabhail, mar a chéile iad…”

In ‘Tairngreacht Dhónaill Dhuibh’ tagtar ar an tuiscint gur “mó go mbaineann an saol / le hadaimhíní ag beiteáil / i gcoinnibh a chéile”.

Cnuasach buile é, cnuasach bogtha a chaitheann súil orthu siúd ar an imeall atá ainrialaithe, agus ar lucht drabhláis, daoine a ndéanann sochaí na ndea-bhéasaí dearmad orthu.

Más feoil í tá dúshlán coganta inti, í géar agus milis ag an aon am amháin.

Ba dhóigh leat an dán scriostúil ‘Guí’ a bheith an-simplí ach is mó go mór é ná an t-athrá.

Is fearr i bhfad arís é á aithris ina sheanmóir rithimiúil a nglacann an lucht éisteachta páirt ann.

In ‘Loitríocht’, sa dán ‘Siamsaíocht’, measctar íomhánna Disneyland agus AK47 lena chéile, meascán a oibríonn go rómhaith ar na saolta seo.

An-dán ar fad is ea ‘An Cultúr’ a bhfuil leaganacha éagsúla cloiste againn cheana.

Leis an dán seo bhuaigh SBÓS Comórtas Slamfhilíochta Uile Éireann 2012, a thug plúr d’fhilí Gaeilge agus Béarla na tíre le chéile.

Léimeann na híomhánna ó loinneog, nó curfá, an dáin amach ón leathanach ina stealladh beatha.

Ó thaobh foirme tá gach sórt le feiceáil ón tsaorvéarsaíocht go meadarachtaí níos traidisiúnta, nó foirmeacha scaoilte ar fad, ‘éin’ scaipthe ag eitilt ar fud an leathanaigh, rímeáil ann nó as.

Uaireanta i gcás chuid de na dánta polaitiúla, amhail ‘G8’, téitear i mbaol na seanmóireachta ach éiríonn leis na dánta eile sin a chúiteamh.

Chomh maith, tá roinnt dánta ar lár, cá bhfuil ‘Ag Éamh ar Imeall an Eastáit’ mar shampla?

Mar chnuasach tosaigh ó fhile óg tá an-chuid ar bun san allagar craiceáilte idir chlúdaigh an leabhair.

Buaileann sé buillí i ngach ball agus téann trí chraiceann an tsaoil go cnámh go smior is smúsach na beatha mar atá sí againn inniu.

Ceannaigh an cnuasach seo agus léigh na dánta.

Cuir de ghlanmheabhair iad agus breac iad ar dhoirse leithreas an tsaoil. Cá bhfios ach go mbeidh Dónall Dubh romhat ag scrábáil lena dhúmharcóir buan.


Tá Beatha Dhónaill Dhuibh ar fáil ar €10 ó shuíomh Cló Iar-Chonnacht.

Beidh agallamh le Séamus Barra á fhoilsiú anseo ar NÓS go luath.

  • Seanán Mac Aoidh

    Ar cheann de na leabharthaí filíochta a b’fhearr a fuair mé ariamh. Dánta corraitheacha a thig aniar aduaidh ort! Filíocht na haimsire seo. Is maith liom iad a léamh agus a rann le daoine eile.