Buaiteoirí ‘Cú’ roghnaithe ag ríomhairí!
Comhghairdeas mór le Sara & Adrienne


Agus seachtain caite ó d’fhógair muid an comórtas don úrscéal grafach , tá sé in am againn na duaiseoirí a tharraingt.

Idir croíthe, ordóga agus na postálacha a roinneadh, cuireadh neart spéise sa duais bhreá; cóip don leabhar iontach a d’fhoilsigh Leabhar Breac le déanaí.

Is é an chéad leabhar i dtríológ bheochana a insíonn eipic laoch Uladh, Cú Chulainn, ó bhreith go bás.

In áit a bheith ag fiafraí de Chaoimhe agus Éadaoin ó Tusa Tube buaiteoirí a roghnú dúinn, nó na hainmneacha a chur ar crainn é muid féin, bhain muid leas as uirlisí ar líne den chéad uair a roghnaigh na buaiteoirí go randamach bunaithe ar an aischothú a fuair muid ar Facebook agus Twitter.

Déanann Fanpage Karma anailís ar phostálacha ar Facebook agus cuireann Competition Agency a macasamhail de sheirbhís ar fáil ar Twitter.

Is iad Sara Ní Chuireáin agus Adrienne Ní Mhuirí a tháinig chun cinn agus tá muid chun cóip a chur amach chuig David fosta a tháinig i dteagmháil linn ar an suíomh.

Agus tuiscint agaibh ar chóras na gcomórtas, beidh neart deiseanna tuilleadh duaiseanna a bhaint sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.

Comhghairdeas mór leis na duaiseoirí agus buíochas mór le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas agus a chuidigh linn an scéal a scaipeadh faoi !

ar fáil ón fhoilsitheoir Leabhar Breac ar €12.00. Léigh tuilleadh faoi anseo.


*Sara, Adrienne agus David, a bhuaiteoirí, seolaigí isteach bhur seoltaí chugainn mar theachtaireachtaí príobháideacha ar Facebook nó Twitter nó cuirigí ríomhphost chugainn ar eolas@nos.ie