Cara ar lár
Streachailt agus grá Eduardo Galeano

Aitheanta mar gheall ar a leabhar Las Venas Abiertas de América Latina (Féitheacha Oscailte Mheiriceá Laidinigh), ba laoch litríochta den eite chlé é Eduardo Galeano. Tugann Aodh Ó Corcráin léargas dúinn ar a shaol.


Chaill an domhan seo cara mór dár gcuid le déanaí agus gan fhios don chuid is mó againn i ndomhan an Bhéarla gurbh ann dó fiú.

Mar a dúirt sé féin, “is é an rud is fearr faoin domhan ná líon na ndomhan atá ann”.

Fathach litríochta agus ceannaire drogallach na heite clé i Meiriceá Theas a bhí san Uraguach, Eduardo Galeano, a fuair bás i Montevideo Dé Luain in aois 74.

Is iomaí machnamh a rinne agus a spreag Galeano thar na blianta, ábhar agus friotal ar geall é le seanfhocal de chuid ár sinsear agus a chuireann ag smaoineamh tú faoin saol thart orainn.

Bhí eolas agus doimhneacht ina chuid scríbhneoireachta a raibh cuma air go dtáinig sé ó na glúnta siar agus a léirigh grá i gcónaí dá chomh-dhaoine daonna.

Agus ba é an grá sin don chine daonna a bhí i gcroílár shaothar agus obair pholaitiúil Galeano le linn a shaoil ar fad.

Cúpla bliain ó shin agus é i Maidrid ag tacú leis na Indignados a bhí i mbun agóide ar son tíre níos cothroime, chuir léirsitheoir amháin ceist air;

“Cá fhad a mhairfidh na hagóidí agus cén dóigh gur féidir linn iad a choinneáil ag dul?”

“Ná bí buartha” arsa Galeano, “is ionann an streachailt agus an chollaíocht.

“Níl stop leis agus é ag tarlú.

“Is cuma mura maireann sé ach nóiméad.

“Mar ag an am sin ina bhfuil sé ag tarlú, is féidir le nóiméad a mhothú níos faide ná bliain.”

eduardo-galeano-1

Fada óna bheith simplí, bhí Galeano ábalta cur síos tuisceanach a dhéanamh ar a fhealsúnacht a bheadh intuigthe ag páiste;

“Tá an bogha ceatha daonna i bhfad níos áille ná an ceann sa spéir. Ach déanann míleatachas, machismo agus ciníochas dall muid agus ní féidir linn é a fheiceáil.”

Tháinig Galeano chun cinn in Uragua na 60í, tír a bhí ar tí teacht faoi coup d’etat.

In 1973 b’éigean do Galeano a thír féin a fhágáil tar éis tréimhse príosúnachta agus brú ón rialtas úr a bhí go mór in éadan na heite clé.

Cuireadh cosc ar a chuid leabhar fiú, an Las Venas Abiertas de América Latina (Féitheacha Oscailte Mheiriceá Laidinigh) clúiteach ina measc.

Sna 1970í cuireadh daoine faoi chois ar fud Mheiriceá Theas ag rialtais fhaisisteacha agus mhíleata a ghlac cumhacht ó na daoine le tacaíocht SAM.

In 1976, tar éis bagairtí báis a fháil ó na scuaideanna báis san Airgintín, áit a raibh sé ina chónaí ag an am, d’éalaigh Galeano chun na Spáinne.

Ba ansin a scríobh sé Memoria del Fuego (Cuimhne ar Thine) a rinne cáineadh litríochta ar an choilíneacht i Meiriceá Theas, ar nós Discours Sur La Colonialisme a scríobh Aimé Césaire faoin ábhar céanna san Afraic tamall roimhe.

D’fhill sé abhaile sa deireadh in 1985 agus beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin chonaic sé rialtas úr forásach ag teacht chun cinn in Uragua in 2004.

Scríobh sé ag an am gur “vótáil na daoine in éadan eagla”.

Léiríonn an dearcadh seo an rud a thuig sé riamh faoi thoghcháin, faoi ghluaiseachtaí agus faoi athrú polaitiúil.

Is é sin nach “duine” an chos ar bholg, “is córas é atá ag déanamh cinnidh idir cé acu ar chóir dúinn cuimhne a dhéanamh orthu agus cé acu a ndéanann muid dearmad orthu”.

Streachailt agus grá, grá agus streachailt – sin saol agus fealsúnacht Galeano.

Fear a chuir an cine daonna chun cinn fríd a chuid focal.

Fear a thaispeáin dúinn gur fiú bheith difriúil, gur fiú do bharúil a léiriú, gur fiú a bheith ag streachailt agus gur fiú a bheith i ngrá.

Fear a thuig go bhfuil “muid i bhfad níos mó ná mar a insítear dúinn. I bhfad níos áille.”

Go dtuigtear sin amach anseo.