Cé hé Seán Gallda?
Spléachadh ar 'Atlas Shrugged', bíobla choimeádaigh SAM

Léirmheas le Ciarán Dunbar ar cheann de na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm ar eite dheis SAM.


Níor chuala mé aon trácht riamh ar Ayn Rand go dtí gur léigh mé tweet ón iriseoir, agus foghlaimeoir Gaeilge, William Crawley, a rinne tagairt don bhean chonspóideach seo.

Scríobh sé go raibh iontas air gur ghlac daoine dáiríre í.

Ach glacann cuid mhór.

Is é Atlas Shrugged an leabhar is mó clú dar scríobh sí.

Bíobla na heite deise nua atá ann.

Ag an am sin, nuair a léigh mé an tagairt ar Twitter, bhí fonn orm dúshlán léitheoireachta a thabhairt dom féin agus bhí mé ag iarraidh léargas a fháil ar smaointeoireacht na heite deise, go háirithe i SAM.

Is dócha chomh maith go raibh mé ag iarraidh mo dhúshlán féin, agus dúshlán mo chuid smaointeoireachta, a thabhairt leis.

Mar sin shocraigh mé dul isteach go Dubray’s ar Shráid na Siopaí i nGaillimh agus Atlas Shrugged a cheannach.

Is cuimhne liom gur choinnigh mé é sa mhála beag páipéir inar tháinig sé le fada ina dhiaidh sin, á chur ar ais tar éis gach seisiúin léitheoireachta.

Bhí i bhfad barraíocht ómóis agam do leabhair i gcónaí: tá an chuid is mó de mo bhailiúchán léite faoin am seo, ach cha bheadh a fhios sin agat nó tá an bunús acu chomh foirfe is a bhí an lá a ceannaíodh iad.

Ba bhreá liom an misneach a bheith agam grá a thabhairt dóibh, línte a aibhsiú, agus nótaí a scríobh, cosúil le ‘shop-keeping scum’ a scríobh mé in aice le hainm Phádraig Uí Dhálaigh ar ‘mo’ chóipse de Caisleáin Óir (ghoid mé ón scoil é) sular bhuail an drochnós seo mé.

Ach cibé ar bith, thug mé faoi Atlas Shrugged a léamh agus chríochnaigh mé sa deireadh é fiú.

Luaigh mé ‘fiú’ ansin mar is dóigh liom nach n-éiríonn leis an tromlach a thosaíonn an leabhar a chríoch a bhaint amach.

Úrscéal mór toirtiúil fada atá ann agus ghlac sé bliain go leith orm (le sos trí mhí) é a chríochnú – char léigh mé ach é agus thug mé go leor ama dó.

Rugadh Ayn Rand mar Alisa Rosenbaum i gCathair Pheadair na Rúise in 1905.

aynrand

Bhog sí go Nua-Eabhrac in 1926, cé nár chaill sí blas cainte na Rúise go hiomlán riamh.

Agus í 12 d’aois ghlac na Boilséivigh seilbh ar shiopa poitigéara a hathar, agus is léir go raibh an-tionchar ag an eachtra sin ar a saol agus ar a smaointeoireacht choimeádach.

Aindiachaí a bhí inti, cé gur Ghiúdach ó dhúchas í, agus mhol sí gur chóir don mhoráltacht nua bheith bunaithe ar réasún, ní ar chreideamh.

Nuair a foilsíodh Atlas Shrugged in 1957 fuair sé droch-léirmheasanna ach tá sé á dhíol go maith ó shin.

Tá tionchar mór imeartha aige le 60 bliain anuas, go háirithe i SAM, agus seans go bhfuil sé ag imirt níos mó tionchair anois ná riamh.

Ar bhealach is cuma faoin scéal féin ach más féidir liom leabhar 1,200 leathanach a athscríobh in abairt amháin, seo é:

Fáthscéal diostóipeach atá ann ina dtéann tionsclaithe agus daoine eile mór le rá ar iarraidh de réir a chéile mar fhreagra ar rialtas róláidir agus ar rialachán ró-righin atá ag cur isteach ar a gcuid gnólachtaí, agus titeann geilleagar an domhain as a chéile mar thoradh.

Cuirtear an cheist sa leabhar arís is arís eile, “Cé hé John Galt?”

Is é John Galt laoch an scéil, cineál ‘Críost an Chaipitleachais’ atá ann.

Fear neartmhar, fear crua, fear a bhfuil tuairimí láidre aige agus atá sásta iad a chur in iúl go neamhbhalbh – an gcuireann sé sin aon duine i gcuimhne duit?

Dála an scéil, tá rud éigin fíor-shuimiúil faoi phríomh-charachtair Rand, chan amháin in Atlas Shrugged ach ina leabhar mór eile The Fountainhead chomh maith.

Howard Roark, John Galt, Dagny Taggart, Hank Rearden atá orthu nó, más maith leat, Ó Ruairc, Gallda, Nic an tSagairt, Ó Ríordáin.

Bhí Rand pósta le fear de bhunadh na hÉireann, an t-aisteoir Frank O’Connor, agus b’fhéidir go raibh baint aige sin leis an bhlaisín seo den Ghaelachas.

Ní féidir liom féin smaoineamh ar aon mhíniú eile.

Is mó an tábhacht le Atlas Shrugged mar shaothar fealsúnachta ná litríochta áfach, fiú mura nglacann gach duine leis mar fhealsúnacht.

D’ainneoin chomh fada is atá sé, tá teachtaireacht measartha simplí le fáil ann.

Is é an druma a bhuailtear arís is arís eile sa leabhar ná an creideamh polaitiúil agus fealsúnachta a bhí Rand ag iarraidh a bhrú chun tosaigh.

Tá plota an úrscéil féin tánaisteach.

Oibiachtachas (Objectivism) an t-ainm a thug Rand ar an fhealsúnacht sin.

Chun cur síos lom a dhéanamh air, is iad féinleas agus leithleas (selfishness) a bhunús.

Cosúil le go leor daoine inniu, ach neamhchosúil le go leor daoine ag an am, shíl Ayn Rand gur rud fónta forbartha é an leithleachas agus an t-indibhidiúlachas.

Maíonn saothar s’aici (tríd an phlota agus ráitis laochra an scéil) gurb é féinleas réasúnta an cuspóir ceart morálta ba chóir bheith ag duine agus gurb é sin foinse an tsaibhris, an áthais agus an dul chun cinn.

I bhfocail eile, dar le Rand – agus lena cuid leantóirí – gurb é an t-aon chóras a léiríonn meas iomlán do cheart an duine aonair ná an caipitleachas laissez-faire.

Smaointeoireacht radacach a bhí ann nuair a scríobhadh é agus fiú faoin am a fuair Rand bás in 1982.

Ach tar éis ré Reagan agus Thatcher, agus anois teacht chun tosaigh Donald Trump, tá cuma choimeádach lárshrutha go leor air inniu.

Ar ndóigh, is sampla den scoth é Trump den sárfhear idéalaíoch thuas luaite, fear féin-déanta, láidir, saibhir, cumhachtach.

atlas-pic

Íorónta go leor, léigh mé an leabhar seo i dtréimhse ina raibh mé ‘dífhostaithe’, cé nach raibh riamh díomhaoin áfach.

Muise, léigh mé roinnt mhaith de istigh in Oifig Leasa Shóisialta na Gaillimhe… glac sin Ayn!

Ach, bíodh a fhios agat gur ghlac Ayn féin le hairgead stáit sular éag sí, fimíneacht dar le go leor.

Mhaígh sí nach raibh i gceist ach cúiteamh ar airgead a goideadh uaithi sa chéad dul síos.

Bhí sí díreach ag maolú beagán den dochar a rinneadh di tríd rud beag den airgead a ghlacadh ar ais, dar léi.

Mar sin féin, agus an leabhar seo léite agam, sílim gur leithscéal lag é sin agus go mbeadh sé níos onóraí go díreach go bhfaigheadh sí bás le hocras.

Tuairim chrua?

Seans, ach duine crua a bhí inti mar Ayn Rand a chonaic an saol i dtéarmaí dubh agus bán.

An molfainn do dhaoine an leabhar seo a léamh?

Bhuel, éist, an bhfuil bliain le spáráil agat?

Is cinnte liom gur féidir leat do chuid ama a chaitheamh ag déanamh rud éigin níos fiúntaí.

Níl aon ghontacht ann. Tá ráiteas mór fada amháin a mhaireann 60 leathanach!

Tuigtear gur chaith Rand dhá bhliain á scríobh.

Ach má tá an t-am agat, sea, is leabhar mór tábhachtach clasaiceach é seo a bhfuil scéal láidir go leor taobh thiar de – scéal a thaitin liom féin go pearsanta.

Tá sé scríofa go maith, tá sé inléite agus is leabhar é a thabharfadh léargas agus dúshlán machnaimh duit.

Anois, seans maith nach bhfuil spéis agat in Ayn Rand ná ina cuid tuairimí ach, mar gheall ar fhás na heite deise i SAM, tá an bhean seo ag imirt tionchar ar an saol mór, níos mó ná Karl Marx agus na fealsúna eile atá ar eolas agat.

B’fhéidir gurbh fhiú léargas a fháil ar chuid den smaointeoireacht atá mar spreagadh acu thall.

  • Steve Ryan

    Ní thuigim cén fáth go bhfuil gach iriseoir ón Eoraip sóisialach, cumannach nó Marxist? Agus cén fáth go bhfuil sé chomh deacair a thuiscint, nach bhfuil gach duine eile mar a bheadh cumannach? Tá mé an-díomá gach uair a léigh mé tuairimí dímheasúil den sórt seo faoi thuairimí a níos mó ná leath de na Meiriceánaigh tacú leis. Bainim taitneamh ó chroí a léamh na Gaeilge, ach tá mé bréan den sruth leanúnach de bholscaireacht leftist ar lín…

    • Ciarán Dúnbarrach

      Tá mé ag ceapadh go gcuirfeadh nós fáilte roimh léargas eile ar Atlas Shrugged, cé nach féidir liom labhairt ar a son, shíl mé gur léirmheas dearfach a bhí ann i ndaíríre.