‘Clófhoireann Chrainn na hÉireann’ cruthaithe ag ealaíontóir as contae Lú

Tá clófhoireann nua deartha ag Katie Holten, ar as contae Lú ó dhúchas í ach atá anois ina cónaí in New York, atá bunaithe ar chrainn na hÉireann. Spreag aibítir an oghaim, a shamhlaítear go minic le crainn dúchais na hÉireann, Katie tús a chur leis an togra ealaíne trí bliana ó shin, agus tá toradh a saothair anois ar fáil le híoslódáil agus le suiteáil ar ríomhairí. 

Tá pictiúir de na crainn a luaitear le litreacha na haibítre, mar a fheictear i bhFoclóir an Duinnínigh iad, tarraingthe ag Katie agus cúpla crann eile roghnaithe aici le freagairt do na litreacha sin atá sa Ghaeilge le fada ach nach bhfuil le feiceáil mar cheannlitreacha i bhfoclóir an Athar Pádraig. 

‘Irish Trees’ an t-ainm atá ar an gclófhoireann nua atá deartha aici agus is féidir í a íoslódáil óna suíomh idirlín agus a úsáid le cláracha ríomhaire ar nós Microsoft Word nó Apple Pages. 

An ealaín taobh thiar den chlófhoireann nua

In aiste a scríobh sí faoina clófhoireann nua don iris Emergence Magazine, mhínigh Katie Holten an chaoi ar thug sí faoin togra, agus na gnéithe éagsúla de stair, chultúr, agus litríocht na hÉireann a spreag í agus í i mbun oibre. 

Sliocht as leabhar cáiliúil an údair Éireannaigh James Joyce, Ulysses, a chuir síol na haibítre crainn in intinn Kate den chéad uair. 

“Tá sliocht draíochta ann san eagrán ‘Cyclops’ ina gcaoineann beirt Náisiúnaithe an ganntanas crann in Éirinn: As treeless as Portugal we’ll be soon, says John Wyse, or Heligoland with its one tree if something is not [done] to reafforest the land.

“Ceanglaíonn Joyce an stair shochpholaitiúil agus an stair nádúrtha i searmanas fantaiseach pósta. Snaidhmeann na daoine daonna agus na crainn ina chéile le bainis Miss Fir Conifer ó Pine Valley agus Jean Wyse de Neaulan, ardmhaor Fhiannóglaigh Náisiúnta na hÉireann, a cheiliúradh. Is croschineálaigh duine-crann iad aíonna na bainise. Cruthaíonn an snaidhmeadh duine-crann seo caidreamh siombóiseach leis an tuath,” a mhínigh Kate. 

Ba é sliocht seo na gcrann a chuir i mbun an togra nua seo Kate agus í ag iarraidh an ceangal tuaithe sin a athmhúscailt tríd an ealaín. Bheartaigh sí aibítir oghaim, nó aibítir na gcrann mar a thugtar scaití uirthi, a úsáid le haird a tharraingt ar cheisteanna mór féiniúlachta, staire, agus comhshaoil.

Sliocht as ‘Ulysess’ scríofa i gclófhoireann na gcrann

“Ní cuimhin liom an t-ogham a fhoghlaim ar scoil ar chor ar bith. Níl a fhios agam cén uair a shleamhnaigh sé isteach i m’intinn ar dtús; airím go raibh sé ann i gcónaí. D’fhéadfá a rá gurb é an t-ogham an ‘luath-theanga’ atá agam, mo ‘ur-alphabet’. Ní go dtí gur thosaigh mé á tharraingt san earrach gur thuig mé cé chomh horgánach is atá sé. Murab ionann agus an Béarla, a osclaíonn ó chlé go deas agus síos an leathanach, léitear an t-ogham mar a dhreaptar crann, ón mbun aníos,” a dúirt sí. 

Tá crann i leaba gach litreach agus i leaba gach uimhreach sa chlófhoireann nuadheartha. Tá glif bheag ann do gach litir atá in úsáid i nGaeilge an lae inniu, chomh maith leis na litreacha eile sin atá ar fáil sa Bhéarla, agus tá a córas féin do na huimhreacha deartha Katie freisin. Stoc crainn gan chraobh is ea an uimhir a náid, agus cuirtear craobh leis an stoc le haghaidh gach uimhreach. 

Is togra ealaíne é seo, agus ní féidir a bheith ag súil go mbeifear in ann abairtí ná focail a scríobhtar i gclófhoireann ‘Irish Trees’ a léamh mar a léifí gnáth-théacs Gaeilge nó Béarla. Tá súil ag Katie, áfach, go mbeifear in ann úsáid a bhaint as le haghaidh tograí ealaíne agus maisiúcháin. Níl Gaeilge ag an ealaíontóir, agus tá cúpla dearmad sa chlófhoireann — ní dhéantar idirdhealú, mar shampla, idir an litir a bhfuil síneadh fada uirthi agus an litir mhaol.

Is féidir an aiste iomlán a scríobh Katie faoina próiseas cruthaithe a léamh ar Emergence Magazine anseo agus an chlófhoireann a íoslódáil anseo.