Club leabhar ar thuras #OnaG16!
Dhá bheart leabhar le buachan!

Beidh an dara teacht le chéile de chuid an Chlub Leabhar ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne agus tá comórtas á reáchtáil ag Gaelchultúr le daoine a spreagadh leis an leabhar An Tearmann le Alex Hijmans a léamh in am do Chlub Leabhar na bliana seo.

Níos fearr arís, tá dhá bheart de leabhair uile shraith an fhómhair ar ClubLeabhar.com le buachan, ina measc Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, An Tearmann le Alex Hijmans, An Grá Riabhach le Biddy Jenkinson agus An Fuadach le R L Stevenson, aistrithe ag Darach Ó Scolaí.

Deis iontach atá i gClub Leabhar an Oireachtais casadh le daoine úra, an leabhar a phlé go mion agus tuairimí a chloisteáil ó Alex Hijmans faoina shaothar nua.

alexlar

D’éirigh go hiontach leis an chéad chruinniú de chuid an Chlub Leabhar i mBÁC níos luaite an mhí seo nuair a pléadh an leabhar Éagóir leis an údar Seán Ó Cuirreáin agus is ar an mhúnla chéanna a reáchtálfar an t-imeacht.

Beidh Club Leabhar an Oireachtais roinnte ina dhá chuid: idir 12.00in agus 12.45in beidh deis acu siúd a bhfuil An Tearmann léite acu an saothar a phlé le chéile, agus ansin idir 12.45in agus 1.15in beidh an t-údar féin, Alex Hijmans, i láthair le ceisteanna a fhreagairt.

Dóibh siúd nach bhfuil in ann a bheith i láthair, ná bí buartha.

Beidh an seisiún ceisteanna agus freagraí á chraoladh beo ar leathanach Facebook ClubLeabhar.com agus cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó dhaoine ar fud na cruinne.


Leabhair le buachan!

Saothar ficsin atá sa leabhar nua An Tearmann, a d’fhoilsigh Cois Life i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Insítear scéal Eoin Uí Shíocháin sa leabhar, Éireannach óg as Contae an Chláir a théann chun na Brasaíle le taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún.

Le bheith san áireamh don bheart leabhar iontach seo, níl le déanamh ach an cheist seo thíos a fhreagairt le bheith san áireamh don duais.

tear

Cárb as do Alex Hijmans ó dhúchas?

Le cur isteach ar an chomórtas seol teachtaireacht leis an fhreagra i ríomhphoist agus “Comórtas” mar theideal uirthi chuig eolas@clubleabhar.com faoi 5.00in, Dé Luain, 24 Deireadh Fómhair 2016.


Beidh an ClubLeabhar ar siúl idir 12.00in agus 1.15in, Dé Sathairn 5 Samhain 2016, sa Seomra Onóra, atá ar an gcéad urlár san INEC i gCill Airne. Tuilleadh eolais anseo