Club Leabhar Chlub an Chonartha le reáchtáil ar Zoom amárach

Beidh Club Leabhar Chlub an Chonartha, a chruinníonn le chéile sa mbeár Gaeilge ar Shráid Fhearchair uair sa mí, ag reáchtáil an chéad chruinniú eile ar an aip Zoom san oíche amárach. Cuireadh cruinnithe fisiciúla an Chlub ar ceal nuair a tugadh na beartais dhiana in aghaidh an víris chorónaigh isteach an mhí seo, ach tá súil ag lucht a stiúrtha na léitheoirí a mhealladh ar líne. 

Is é an leabhar Fatwa leis an údar iomráiteach Proinsias Mac a’Bhaird, údar a bhí go mór i mbéal an phobail anuraidh dá úrscéal Tairngreacht, a bheidh faoi chaibidil ag baill an Chlub an mhí seo.

Is gá cuireadh Zoom a fháil le freastal ar an gcruinniú seo, agus féadfar ceann a iarraidh ar lucht stiúrtha an Chlub ar na meáin shóisialta ach do sheoladh ríomhphoist a chur chucu roimh an gcruinniú digiteach ag 19.00 amárach (Dé Máirt 31 Márta). 

Úrscéal faoi údar Gaeilge atá in Fatwa, údar a tharraingíon aird antoiscigh Mhoslamacha air féin leis an leabhar is déanaí uaidh.

“Turas bríomhar eachtrúil ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Libia agus ón Araib ársa go dtí Gaeltacht Dhún na nGall sa leabhar spleodrach seo; agus caitheann sé súil fhonóideach ar dhéithe beaga na linne seo, sa phrós snasta bríomhar sin is dual dó a chleachtadh,” a mhaítear ar chúl an leabhair.

Cruinníonn Club Leabhar Club Chonradh na Gaeilge le chéile uair sa mí i gClub an Chonartha. 

Club Leabhar eile ann a bhíonn ‘ag cruinniú’ ar líne gach mí agus baill ann ar fud an domhain — is é sin Club Leabhar Ghaelchultúir. Roghnaítear leabhar uair sa mí don Chlub sin agus bíonn fóram plé ar líne ann gach mí. Is é Sa Teach Seo Anocht le Mícheál Ó Conghaile an leabhar atá roghnaithe ag lucht Ghaelchultúir don mhí seo chugainn.