Dhá réiteach ag brath ar a chéile – an Ghaeilge agus an Éiceolaíocht
léirmheas le Liam Mac Cóil

Bímid ag plé le réimse faoi leith den saol, le dioscúrsa faoi leith, abair, nó le disciplín aitheanta smaointeoireachta agus is ansin a chastar fadhb linn. Táim ag tarraingt ar smaointe Michael Polányi (1891-1976) beagán anseo. Is é sin bíonn comhthéacs ag baint le gach uile fhadhb. Is é an rud atá suntasach faoi leabhar nua seo Michael Cronin go bhfuil dhá réimse faidhbe tagtha le chéile aige, an Ghaeilge agus an éiceolaíocht .i. an t-athrú aeráide. 

Tá téis bhunúsach á cur chun cinn aige: go bhfuil Ghaeilge agus éiceolaíocht fite fuaite ina chéile, gur ceist éiceolaíochta ceist na Gaeilge agus go bhfuil cúnamh le réiteach a fháil ar ár bhfadhbanna éiceolaíochta le fáil sa tseanteanga seo againn féin. San iarracht atáimid a dhéanamh an Ghaeilge a bhuanú mar theanga phobail caithfidh muid an éiceolaíocht a chur san áireamh agus tig leis an nGaeilge cabhrú go mór leis an iarracht an pláinéad a shábháil ó thubaistí an athraithe aeráide.

Tá an leabhar roinnte ina dhá chuid – an taobh Gaeilge bun os cionn leis an taobh Béarla (ó thaobh leagan amach de ach ní ó thaobh ábhair de) – seacht n-aiste sa chuid Béarla agus cúig cinn sa chuid Gaeilge. Bíodh is go bhfreagraíonn siad dá chéile agus go dtrasnaíonn siad a chéile ar bhealaí iomadúla agus gurb ionann téis dóibh, ní hionann an dá thaobh de leabhar ná ní hionann aon dá aiste iontu. 

San iomlán tá bailiúchán cuimsitheach argóintí curtha le chéile le háiteamh orainn go bhfuil an dá réimse ag brath ar a chéile agus go gcaithfimid breathnú ar an dá réimse in éineacht. Ní hamháin gur ceist éiceolaíoch ceist na Gaeilge – imeacht as sainiúlachta agus éagsúlachta atá ní hamháin ríluachmhar ach riachtanach – ach tá leigheas le fáil sa Ghaeilge ar an bpeirspictíocht dhochrach, ar an idé-eolaíocht easnamhach, agus ar an gcur chuige scriosach atá mar bhonn leis an athrú aeráide. 

Michael Cronin – údar ‘An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht’

Tá lagú na Gaeilge mar theanga phobail agus mar iompróir béascna – focal nach n-úsáideann Cronin ach ar maith liomsa é a úsáid in ionad an fhrása fhadálaigh, ‘cultúr sa chiall antraipeolaíoch’ – ina fhadhb éiceolaíoch; agus tá an Ghaeilge agus an bhéascna a ghabhann léi ríthábhachtach dúinne mar bhonn agus mar threoir agus muid ag iarraidh athrú chun donais na haeráide a chur siar.

Is liosta le háireamh na hargóintí ar fad a dhéanann Michael Cronin sa leabhar seo ar son na dtéiseanna sin, gan trácht ar na foinsí iomadúla a luann sé gan stró le tacú leo ó Stalin go Daithí Ó hÓgáin, ón Naomhsheanchas go Bruno Latour, ó Gilles Deleuze go Flann O’Brien, gan ach cuid an bheagáin a lua. (Amanta bíonn léamh an leabhair seo cosúil le bheith ag breathnú ar ghasail ghrástúil ag léim ó chreig thagartha go creig agus an t-iontas ag méadú orainn i rith a ama a aclaí agus a éasca a dhéanann sí é.) Déanfaidh mé iarracht cuid de na pointí aige a lua go hachomair anseo síos.

Is rud maith inti féin í an éagsúlacht, is bealach í atá ag an gcine daonna le teacht slán. Ceanglaíonn Michael Cronin bithéagsúlacht agus éagsúlacht teanga le chéile. Tá an Ghaeilge ceangailte le riachtanais timpeallachta na hÉireann leis na cianta. Tá logainmneacha na tíre ina fhinnéithe air sin gan trácht ar an teanga féin agus a cuid litríochta. Tá an dearcadh agus an cur chuige áitiúil tábhachtach san éiceolaíocht – bunchuid den Ghaeilge sin. Tá timpeallacht agus teanga fite fuaite ina chéile ag an leibhéal áitiúil agus cúram na timpeallachta mar chuid de dhúchas an phobail atá ina gcónaí ann. 

Tá dlúthbhaint idir loitmhilleadh timpeallachta agus an t-aineolas teanga. Cothaíonn bochtanas teanga bochtanas intinne. Luann sé an ‘fíor flaithiún’ – an tuiscint go bhfuil dlúthbhaint idir rialtas cóir agus torthúlacht na talún. Bíonn go leor nathán gonta sa leabhar a chuireann na hargóintí in iúl go láidir éifeachtach. Os a choinne sin, léirítear dúinn nach gcabhraíonn béarlagair ‘an fhóinteachais’ le caomhnú ná le cosaint na timpeallachta – na focail chéanna a d’úsáidtí le háiteamh ar dhaoine éirí as labhairt na Gaeilge – ní raibh sí ‘úsáideach’ ná ‘praiticiúil’  – ní raibh aon mhaith inti. 

‘Cultúr na seilbhe’ agus an dearcadh a ghabhann leis, déanann siad dochar – b’fhearr le Cronin ‘cultúr an chónaithe’. Gnéithe iad sin uile den réabhlóid atá le cur i gcrích ar réabhlóid logánta cuid di – agus, mar a dúirt mé, tá an Ghaeilge go maith ag an rud logánta, an meon áitiúil. Is mór an ní í ‘athléimneacht’ – bua an teacht aniar. Téann éagsúlacht (éagsúlacht chultúir, teanga, luacha etc.) agus an athléimneacht le chéile.  Cuid den réabhlóid iad. 

Ní mór, mar sin, cur i gcoinne an tionscadail choilínigh arb é tionscadal an dearmaid é nó ‘project of erasure’ agus gan a bheith de shíor ag leanúint de .i. ag cur na Gaeilge as an áireamh .i. ag déanamh dearmad uirthi, nó á cur i leataobh; rud is dóigh liomsa atá ar bun ó bhunú an stáit i leith, agus ar chuid é den tionscadal poblachtach ag roinnt daoine, dar liom, tabula rasa a dhéanamh d’Éirinn agus rian an tseanama, idir Ghaelach agus Ghallda a ghlanadh – poncloscadh na hoidhreachta traidisiúnta idir theanga agus thimpeallacht. 

Gné den obair sin riamh ar fud an domhain ‘extraction‘ .i. tionscal an eastósctha, agus sin ina fhadhb bhunúsach ollscriosach sa lá atá inniu ann mar ba ea in aimsir Fynes Moryson in Éirinn. Labhraíonn Cronin faoi choincheap Naomi Klein de ‘sacrifice zone‘ agus an ról atá le himirt ag pobail dhúchasacha ar son slánú a dtimpeallachta féin, arb é slánú na timpeallachta i gcoitinne a thoradh. 

Ritheann sé liom gur thug pobail éagsúla na hAmasóine, lena mionteangacha agus lena mbéascnaí difriúla, aire do scamhóga an domhain leis na cianta cairbreacha. Anois tá na scamhóga sin á bplúchadh le toit agus deatach na ndóiteán iomadúil a bhfuil cuid nach beag acu lasta d’aon ghnó ag lucht an eastósctha agus an ghaimbíneachais ilnáisiúnta lena dteangacha móra agus a mbéascna bhrabúsach fhrithdhaonna. 

Tá dlúthbhaint ag an nGaeilge leis an scéal sin.  Luann Cronin píblíne Shell ach tá níos mó ná sin i gceist. Tá teanga agus béascna bheo na Gaeltachta faoi ionsaí mar a chéile le pobail shainiúla eile ar fud an domhain, murab ionann agus na clocha glasa agus na tírdhreacha neamhbheo atá thart orthu. Agus más ceadmhach dom é a rá, cuid de na comhairlí contae páirteach, go neamh-chomhfhiosach b’fhéidir ach go lánchiontach, sa scrios pobal sin.

Tá réiteach simplí sa leabhar seo ar an gcodarsnacht bhréige a tháinig chun cinn i Sasana agus ar chuid de bhuile an Bhreatimeachta í: más saoránach de chuid an domhain tú, a dúradh, ní saoránach d’áit ar bith tú. Ach todhchaí na teanga agus na timpeallachta a cheangal le chéile cruthaíonn muid gur saoránaigh den domhan mór muid díreach mar gur saoránaigh d’áit faoi leith muid – ár mbaile dúchais, ár dtimpeallacht, an áit a bhfuil cónaí orainn – ‘denizen’ an focal a mholann Cronin sa Bhéarla – daoine atá ina gcónaí in áit faoi leith, ar chuid den áit iad agus a bhfuil an áit mar chuid díobh féin. 

Ar an gcaoi sin is ceann de theangacha an ama atá le teacht í an Ghaeilge. Sna haistí Béarla, ‘Guilt’ agus ‘Attention’, pléitear go díreach leis an nGaeilge i gcomhthéacs fhormhór na ndaoine nach í a dteanga ghnách í. Bogtar an teanga amach ón seomra ranga agus ón síorphlé a dhéantar uirthi sa chomhthéacs sin, go dtí réimse oscailte foghlama agus fionnachtana. ‘An ecological ethics based on appreciating, tolerating and accepting strangeness is, in many respects, a more realistic and more useful approach to Irish-language learning for the majority population in Ireland than the older nationalist trope of sudden, effortless conversion’.

Tá an teachtaireacht sa chuid Bhéarla seo den leabhar do Bhéarlóirí na hÉireann sách soiléir, go háirithe dóibh siúd a dteastaíonn uathu iarracht a dhéanamh dul i ngleic le fadhbanna na timpeallachta agus na haeráide: foghlaimígí Gaeilge – foghlaimígí i gceart í .i. mar theanga a bhaineann le daoine agus le pobail, leis an tírdhreach agus leis an timpeallacht, leis an stair, agus thar aon rud eile mar theanga a spreagann ‘new connections‘ agus a bhaineann leis an dearcadh oscailte idirnáisiúnta a theastaíonn leis an pláinéad a shábháil.

Amanta, mar gheall ar an gcur chuige ladhrach teanga atá i gceist le taobh Béarla agus taobh Gaeilge sa leabhar céanna, bíonn sé deacair líne na n-argóintí a leanúint tríd síos idir an dá théacs. Tá go leor ag an dá thaobh i bpáirt le chéile go cinnte ach tá rud amháin a sheasann amach: míshásúlacht, laigí, agus easpa samhlaíochta, smaointe, agus cuimsitheachta na gcáipéisí rialtais a dhíríonn ar na fadhbanna atá os ár gcomhair, 

An Climate Action Plan, 2019, mar shampla, agus Oidhreacht Éireann 2030: Comhairliúchán Poiblí (2018). Tá an t-ionsaí cruinn, léirmhínithe, agus bunúsach: ainneoin a dtugann cáipéisí an Rialtais le fios is cuid dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus is cuid bhunúsach den infreastruchtúr í an teanga a chaithfidh tacaíocht a thabhairt do na hathruithe atá ag teastáil le dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Níl tugtha agam ansin ach blaiseadh beag impriseanach de chuid de na téamaí atá sa leabhar seo. (Tá plé níos cuimsithí déanta ag Máirín Nic Eoin in Comhar Bealtaine 2020.) Is leabhar dlúth é. Tá lón machnaimh i ngach dara habairt a scaoileann an stíl bhreá nathach (in amanta) chugainn, mura bhfuil síol leabhair eile fós iontu. Agus sin gan trácht ar na foinsí iomadúla as a dtarraingíonn Cronin treoir agus gaois agus tuiscint nua. Leanann an leabhar seo go breá de chuid de na leabhair is déanaí leis agus de chuid de na téamaí atá iontu, mar shampla The Expanding World: Towards a Politics of Microspection (Zero Books, 2012), Eco-Translation: Translation and Ecology in the Age of the Anthropocene (Routledge, 2017). 

Agus é ag labhairt faoin athléimneacht – coincheap atá i bpáirt aige le smaointeoir breá eile dár gcuid, Fionnbarra Ó Brolcháin – deir sé go gcuirfidh sí le bonneagar intleachtach na tíre seachas muid a bheith de shíor ag cur béime ar an mbonneagar fisiciúil. Níl aon amhras ach go bhfuil an leabhar seo mar atá an taiscéalaí smaointe, Mícheál Ó Cróinín é féin, ag cur go mór le bonneagar intleachtach na tíre agus á dhéanamh sin go slachtmhar agus go cumasach agus ag caighdeán ard. 

‘Thought has intrinsic powers’ a dúirt Polanyi agus cruthaíonn an leabhar seo gur fíor sin. Caithfimid a bheith ag súil go rachaidh an leabhar seo i bhfeidhm ní hamháin ar bhaill an Chomhaontais Ghlais agus na bpáirtithe polaitiúla ar fad, ach ar an bpobal i gcoitinne idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí. Tá na smaointe seo tábhachtach agus cumhachtach agus ní dóigh liom, fiú in aimsir seo na práinne sláinte, gur cheart dúinn dul gan iad nó go dtig linn neamhshuim a dhéanamh díobh.