Dírbheathaisnéis Brian Stowell foilsithe

Tá an saothar deireanach ó pheann an Mhanainniseora mhóir Brian Stowell díreach foilsithe ag Culture Vannin — a dhírbheathnaisnéis Gaelg as Fishig: Skeeal my vea (Manainnis agus Fisic: Scéal mo bheatha).

Fuair Brian Stowell bás agus é dhá bhliain le cois an cheithre scór i mí Eanáir na bliana seo. Teangeolaí, scríbhneoir, craoltóir agus gníomhaí teanga a bhí i mBrian, agus bhí cáilíochtaí sa bhfisic aige freisin. Bhí sé gníomhachi gcúrsaí polaitíochta i Manainn agus ba é Yn Lhaidhder (an Léitheoir) sa Tinvaal (Parlaimint Mhanann) ar feadh tréimhse. 

Cé nár chainteoir dúchais a bhí ann, thug sé leis an teanga go paiteanta ó chainteoirí dúchais an oileáin, Ned Madrell ina measc, a bhí fós beo agus Brian ina mac léinn ollscoile. Rinne sé taifead de sheanfhondúirí an oileáin i mbun cainte agus áirítear an obair sin i measc na mbeart is tábhachtaí a rinneadh don Mhanainnis an céad seo caite. 

D’oibrigh Brian go crua ar feadh a shaoil ar son na Manainnise agus ar son Mhanann féin agus tá cur síos déanta ag an bhfear é féin ar a óige in Doolish, a shaol gairmiúil mar eolaí in Liverpool, agus a chuid oibre mar Oifigeach Manainnise sa Roinn Oideachais i Manainn. 

D’fhoilsigh sé go leor ábhar i Manainnis i gcaitheamh na mblianta, idir aistriúcháin agus shaothar nuascríofa. Ba é a chur Gaelg ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, faoin teideal  Contoyryssn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn agus ba é an chéad duine a scríobh úrscéal iomlán i nGaeilge Mhanann — Dunveryssyn un Tooder-Folley (Dúnmharuithe an tSúmaire Fola). D’aistrigh sé an leabhar Gaeilge Réics Carló in Oileán Mhanann le Cathal Sanders go Gaeilge Mhanann faoin teideal Reks Carlo ayns Mannin freisin. Bhí clár seachtainiúil raidió as Manainnis aige ar Manx Radio, stáisiún náisiúnta an oileáin, ar feadh i bhfad. 

Seolfar Gaelg as Fishig: Skeeal my vea go hoifigiúil amárach in ionad Culture Vannin in Balley Keeill Eoin ag 14.00. Tá £12 ar an leabhar. 

Tá aiste a scríobh Adrian Cain in ómós Brian Stowell ar fáil anseo.