Eipic Chú Chulainn
2 chóip den úrscéal grafach 'Cú' le buachan!

Tá áthas orainn a rá libh go bhfuil eipic mhór Chú Chulainn anois ar fáil mar úrscéal grafach.

Agus níos fearr arís, tá dhá chóip againn le bronnadh ar bheirt léitheoirí ádhúla, a bhuíochas le Leabhar Breac, an foilsitheoir.

Is é an chéad leabhar i sraith tríolóige a insíonn scéal Chú Chulainn ó bhreith go bás.

Duine de na laochra móra é Cú Chulainn i scéalta na Rúraíochta agus tagann sé go mór chun cinn in Táin Bó Cúailnge, an scéal is iomráití ón chnuasach.

Scríobhadh na scéalta móra eipiciúla seo sa tSean-Ghaeilge ag dul siar chomh fada leis an 7ú haois agus tá siad á dtabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin ó shin.

In faightear scéal óige Chú Chulainn, a thitim amach le Conchúr Rí Uladh agus leantar ar a thuras go hAlbain é sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh.

Scéal é a spreagann an tsamhlaíocht agus é maisithe go hálainn ag Paul Bolger, stiúrthóir, beochanóir agus ealaíontóir.

Seans go n-aithneofá a chuid saothar ó na scannáin bheochana Cool World agus The Thief and the Cobbler, a raibh sé ina phríomhbheochanóir orthu.

Is ó pheann Barry Devlin, scríbhneoir scripteanna scannáin agus stiúrthóir aitheanta, a tháinig script an ghreannáin.

Is é an Barry Devlin céanna a bhí sna Horslips tráth agus a stiúirigh cúpla clár faisnéise ar U2 agus físeáin cheoil leo.

Tá úrscéalta grafacha á n-aistriú agus á bhfoilsiú ag Leabhar Breac le cúpla bliain anuas, ina measc An Broc-Chú, aoir ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid agus Corp an Duine Uasail, leabhar álainn faoin ghrá a thug leis mórdhuais litríochta Prix des Cheminots ag Féile Angoulême na Fraince.

Tá i gceist ag Leabhar Breac an dara cuid de scéal Chú a fhoilsiú san fhómhar agus tiocfaidh an tríú cuid amach ar an bhliain seo chugainn.

Le bheith san áireamh don duais iontach seo, níl le déanamh ach ordóg a thabhairt don scéal seo ar TwitterFacebook NÓS agus é a roinnt ar na meáin shóisialta! Ádh mór oraibh!


Is féidir Cú a cheannach ó Leabhar Breac ar €12.

  • David

    go hiontach…ach níl twitter nó Facebook agam.

    • Ná bí buartha David, cuirfidh muid d’ainm sa hata!

      • David

        go raibh maith agat, tá tú rómhaith!