Féidearthachtaí na Fantaisíochta
Borradh faoi fhicsean lucht leanúna!

Cad is ficsean lucht leanúna nó fan-fiction ann a deir tú?

Níl i gceist ach scéalta a scríobhann an mórphobal faoi charachtair aitheanta ón litríocht, carachtair ar féidir le húdair amaitéaracha a rogha rud a dhéanamh leo.

Cuireann sé carachtair as leabhair nó seánraí éagsúla i scéalta úra, an deireadh athraithe agus suimeanna grá tiontaithe bun os cionn.

Cumtar réamhscéalta agus iarscéalta nó cuirtear na scríbhneoirí féin isteach sa scéal.

An chéad uair a chuala mé trácht ar rud mar seo bhí buachaill ar scoil liom ag scríobh ar nós an diabhail faoi shraitheanna éagsúla teilifíse agus carachtair ón bhfíorshaol meascaithe leo.

50 Shades of Grey an sampla is cáiliúla den fhicsean lucht leanúna a thosaigh amach mar fhicsean lucht leanúna bunaithe ar scéalta Twilight.

Chum E. L. James é agus thug Edward Cullen agus Bella Swan ar na príomhcharachtair mar a bhí in Twilight. Carachtair aitheanta féin ó 50 Shades a bhí iontu ar deireadh.

Is ar an idirlíon is mó atá an ficsean lucht leanúna ag déanamh dul chun cinn agus tá go leor suíomh ann a dhíríonn ar sheánraí faoi leith. Ar charachtair na mórleabhar den mhórchuid a scríobhann siad.

Ó tharla ráchairt ar an gcineál seo scríbhneoireachta agus é a bheith ag dul i bhfeabhas i gcónaí, cén fáth a gcáintear an cineál seo spraoi go géar?

Deirtear nach bhfuil ann ach seafóid, nach rachadh i bhfeidhm ach ar léitheoirí Dungeons & Dragons amháin.

Má tá grá ag an bpobal dó, cén fáth nár chóir cead a bheith acu taitneamh a bhaint as?

imagination

Ach i bhficsean lucht leanúna mar atá ar an idirlíon trí chéile tá Riail 34 i bhfeidhm, is é sin, más féidir smaoineamh air nó ‘Más ann dó, is ann don phorn, gan eisceacht’.

Mar sin tá pornagrafaíocht agus scéalta earótacha ar fud an bhaill.

Ceartaíonn daoine leaganacha de scéalta, cinntíonn siad go n-éiríonn leis an gcarachtar is ansa leo siúl amach le duine faoi leith a roghnóidh an t-údar.

Scríobhann daoine suas leis na céadta mílte focal sa bhliain saor in aisce ar an gcaoi seo, bíonn siad ag cruthú domhan úr do charachtair.

Leantar scríbhneoirí faoi leith.

Tá an féinfhoilsiú agus ríomhleabhar tar éis na gné saoire seo a athrú agus tá roinnt daoine anois in ann airgead a bhaint óna gcuid saothair.

I measc na gcarachtar is mó a scríobhtar fúthu, is é Harry Potter is coitianta agus ansin Star Wars, Star Trek, Twilight, chomh maith le scéalta Lord of the Rings.

Deirtear go bhfuil na milliúin á léamh agus á scríobh anois agus ficsean lucht leanúna ann de scannáin, shraitheanna teilifíse agus charachtair ón mBíobla fiú!

Cé gur i mBéarla is coitianta atá ficsean lucht leanúna, tá réimse leathan i dteangacha eile chomh maith.

Tá roinnt samplaí ann i nGaeilge cheana, cé nach iad is blasta nó is saibhre (féach: 1, 2, 3, 4, 5).

Má fhaigheann tú locht an-mhór orthu seo nárbh fhiú tabhairt faoi tú féin nó iad a cheartú?!

Anuas air sin tá scata carachtar dúchais againn ar chóir dúinn a athbheochan.

Cé a chuirfidh Lúcás Ó Briain ar an saol le linn Éirí Amach na Cásca trí bhíthin inneall ama?

An bhféadfadh Caitríona Pháidín a bheith ag siúl amach le Réics Carló?

Cad faoi Bhríde Bhán agus Fionn bheith mar ghardaí a chabhraíonn le Duinnín Bleachtaire?

Tá an domhan mór ag fanacht leat!

Fútsa an t-athscríobh!