Fíon na Fantaisíochta
Músclóidh an buidéal seo an tsamhlaíocht!


Cothrom an ama seo anuraidh, tharraing muid aird ar shraith mheaisíní díola in Grenoble na Fraince a chaitheann smaointe, dánta, scéalta ficsin agus haikúnna amach in áit milseán.

Bliain ar aghaidh, is maith linn a fheiceáil go bhfuil bláthú tagtha ar fhiontar eile atá ag spreagadh na léitheoireachta; i ndomhan na fíona an iarraidh seo.

Teacht le chéile atá sa dearadh úr buidéil seo idir an fhíonlann Iodálach Matteo Correggia agus an comhlacht dearthóireachta Reverse Innovation.

Lirbrottiglia a thugtar air, agus é ag tarraingt ar dhá fhocal ón Iodáilis ‘Libro’ (leabhar) agus ‘bottiglia’ (buidéal).

I bhfolach taobh thiar de lipéad an bhuidéil fíona, tá leabhar beag gleoite ann ina bhfuil bailiúchán gearrscéalta foilsithe.

Tá ceangal ag na scéalta uile leis an chineál fíona atá sa bhuidéal agus iad ag tagairt do thréithe, cineál nó dath na fíona.

Chomh maith le nósanna léitheoireachta a fheabhsú, tá deiseanna á dtabhairt do scríbhneoirí scéalta nua a chumadh a bhaineann leis an bhfíon laistigh.

Dúirt urlabhraí ón chomhlacht dearthóireachta Reverse Innovation gur furasta scéilín a shlogadh siar agus tú ag baint súp as gloine fíona.

“Inniu, léann muid leabhair ar ríomhairí, ar tháibléid agus ar ghlicghutháin, cén fáth nach n-oibreodh buidéal fíona?”

Agus go leor sa bhuidéal do dhá ghloine (375ml), ní bheith fonn ort an Lirbrottiglia a leagan síos!