Ionradh Ceilteach? Cén t-ionradh?
Tá ár stair inár gcuid fola

Géineolaí é Sykes a bhfuil ardmheas air, agus tá a lán leabhar scríofa aige don léitheoir coiteann, saothair a thugann léargas ar chúlra géiniteach phobal na hÉireann agus na Breataine.

In Blood of the Isles cuireann sé síos ar línte ginealaigh mhuintir na nInse de réir mar a léirítear iad tríd an ngéineolaíocht.

Is beag athrú a tháinig ar leagan amach géiniteach na n-oileán ón ré Neoiliotach i leith agus ón ré Mhéisiliotach féin, go háirithe sa líne bhaineann. Is beag lorg géiniteach a d’fhág Ceiltigh na Mór-Roinne ar na hInse.

Is lú géinte na nAngla-Shacsanach ná 20% den iomlán i Sasana, fiú sa deisceart, cé gur fhág na Lochlannaigh a rian ar lár, ar thuaisceart agus ar oirthear Shasana.

Is dócha go bhfuil ginealach Lochlannach ag timpeall 40% de mhuintir Inse Shealtainn agus ag 30% de mhuintir Inse Oirc, agus is léir go raibh neart ban le fáil i measc na Lochlannach úd.

Is beag lorg a d’fhág na Normannaigh ina ndiaidh – níos lú na 2%. Léiríonn an mháthairlíne meascán de bhunadh Méisiliotach agus de dhaoine a tháinig níos déanaí; agus b’as an Ibéir (an Spáinn sa chiall is leithne) dóibh i dtús báire.

Áitíonn Sykes mar a leanas: “I see no reason at all from the results why many of our maternal lineages should not go right back through the millennia to the very first Palaeolithic and Mesolithic settlers who reached our islands around 10,000 years ago…. The number of exact and close matches between the maternal clans of western and northern Iberia and the western half of the Isles is very impressive, much more so than the much poorer matches with continental Europe.”

I bhfocal eile, níl aon fhianaise gur tháinig ‘ionradh Ceilteach’ riamh ó mhór-roinn na hEorpa – ionradh a gcreideadh mórán ann.

Sócháin

I gcealla an choirp atá ár gcuid DNA le fáil agus é leagtha amach ina nduail atá ceangailte dá chéile ag ‘céimeanna’ – péirí bunanna ceimiceacha. Ordaíonn an DNA do na cealla próitéiní a dhéanamh; déanann na cealla seicheamh (i.e. sraith) aimínaigéadach dá réir chun na próitéiní sin (atá ina n-uirlisí ilfheidhmeannacha) a idirdhealú. Uaireanta déantar dearmad sa chóipeáil – athrú beag a dtugtar sóchán air. Féadann sócháin a bheith díobhálach, tairbheach nó neodrach, agus

is é an saghas deireanach úd an ceann is áisiúla ó thaobh na gineolaíochta de. Baintear feidhm as minicíocht na sóchán chun aois na nginealach géiniteach a thomhas.

Tá an chuid is mó den DNA le fáil i núicléas na cille agus é ceangailte de na crómasóim, a bhfuil cuma snáitheanna orthu. Lasmuigh den núicléas tá rud eile: na miteacoindrí.

Tá DNA miteacoindreach (mDNA) i bhfad níos líonmhaire ná aon DNA eile, agus déanann sé sócháin fiche uair níos minice.

Tagann mDNA anuas chun fear agus ban, ach is iad na mná amháin a thugann dá gclann é, rud a fhágann gur sa líne bhaineann amháin a théann sé ó ghlúin go glúin gan bhriseadh.

blood of the isles

mDNA

Sa mDNA sin tá seicheamh áirithe de cheithre chéad bun: rinne Sykes agus a fhoireann amach óna chuid sóchán siúd go raibh seacht bpríomhghrúpa ghinealacha i bpobal na nInse agus a sheicheamh géiniteach féin ag gach grúpa.

Roghnaigh Sykes agus a fhoireann seicheamh amháin mar chaighdeán toisc gurb eisean an seicheamh is coitianta.

Má tá seicheamh eile difriúil leis na gcaighdeán ag an 126ú bun, tugtar ‘126’ ar an seicheamh sin; má tá sóchán eile sa 294ú bun, tugtar ‘126, 294’ air.

Tá an seicheamh úd (126, 294) ar cheann de na seacht bpríomhghrúpa, agus is minic sócháin eile le fail ann freisin.

Tá gaol ag na daoine úd lena chéile tríd an máthairlíne: tagann a nginealaigh le chéile i mbansinsear imigéiniúil amháin.

Tagann sóchán nua isteach sa mDNA gach 20,000 bliain nó thart air sin. Má áirítear an méid sóchán i líne áirithe agus an figiúr sin a roinnt ar an ráta athraithe, is féidir a dhéanamh amach cén t-achar a théaltaigh ó bhí an bansinsear beo.

Is beag sóchán a tharla sa DNA núicléach ó tháinig ár spéiceas ar an bhfód timpeall 150,00 bliain ó shin.

Is féidir a dhéanamh amach cén réigiún a raibh an bunsinsear ina cónaí ann trí sheichimh na nInse a chur i gcomórtas le seichimh a fuarthas i dtíortha eile.

Tháinig cuid mhaith de shliocht na mbansinsear sin chomh fada leis an Ibéir; thug sliocht a sleachta a n-aghaidh ar chríocha eile níos faide ó thuaidh.

Is dócha gur tháinig mórán máthairlínte anuas ó na háitritheoirí paléiliteacha agus méisiliteacha a tháinig i dtír timpeall 10,000 bliain ó shin.

Y-crómasóim

Sé chrómasóm is daichead atá sa núicléas agus ceithre cinn is daichead acu ina bpéirí; fágann sin dhá chrómasóm eile, X agus Y.

Tagann an Y-chrómasóm anuas ó athair go mac, díreach mar a thagann mDNA anuas ó mháthair go hiníon. Is féidir leis an Y-chrómasóm sócháin a dhéanamh go tapa, rud a chuireann na céadta ginealach ar fáil san athairlíne.

Baineann formhór na Y-chrómasóm Éireannach (timpeall 80%) le grúpa O. Tá baint aige le 95% de na fir i gCúige Mumhan agus le 98% i gCúige Chonnacht, agus is mó an bhaint atá aige le sloinnte Gaelacha ná le sloinnte Normannacha.

Tá dlúthbhaint aige leis an Ibéir, ach is aisteach an rud é gur shíolraigh a oiread fear ó aon sinsear amháin. Tá míniú ag Sykes air seo: ‘One of the genetic consequences of the rise of powerful men is that they monopolize the women and have more children’. Pobal beag, taoiseach mór: agus clann mhór ann dá bharr.

An tSeandalaíocht

Tháinig daoine Neoiliteacha – na chéad fheirmeoirí – timpeall 4500 RCh. Thug siad cruithneacht agus eorna anall leo, in éineacht le caoirigh, gabhair agus beithígh.

Tá a gcuid páirceanna beaga agus claíocha cloiche le fáil fós ag Achaidh Chéide i gContae Mhaigh Eo, áit ar cheil an mhóin iad anuas go dtí tríochaidí an fichiú haois. Rinne an dream seo soithí cré agus thóg siad leachtanna móra cloiche.

Tá Cill Santail i gContae Dhoire ar cheann de na láithreáin seandálaíochta is sine in Éirinn. Bhí daoine (fiagaithe agus cnuasaitheoirí) ina gcónaí timpeall 9,000 bliain ó shin, díreach i ndiaidh na hoighearaoise bige déanaí. Óna leithéidí sin a shíolraigh na hÉireannaigh.

Tá iarsmaí créamadóireachta ag Eirmeatáiste ar bhruach na Sionainne agus fuarthas tinteáin Mhéisiliotacha ag Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí. Tá uirlisí cloiche de chuid na ré sin le fáil ar fud na tíre.

Tá an scoláire Breatnach John T. Koch orthu siúd a áitíonn go bhféadfadh na teangacha Ceilteacha eascairt ón ‘Limistéar Atlantach’ – an Bhreatain, Éire agus iarthar na Gaille, áiteanna a raibh gréasán muirí mar cheangal eatarthu féin agus an Ibéir sa Chré-umhaois Dhéanach agus na hiarsmaí céanna seandálaíochta le fáil iontu.

Tá suim ag Koch sa Tairteisis, teanga réigiún agus chathair Tartessos i deisceart na hIbéire. Bhíodh pobal na háite sin ag trádáil leis an Féinícigh agus tá fáil ar sheacht n-inscríbhinn is nócha dá gcuid in aibítir ar leith.

Deir Koch gur féidir foirmeacha Ceilteacha (nó foirmeacha Ind-Eorpacha ar a laghad) a aithint sna hinscríbhinní an-luatha seo agus go n-aithnítear anois nach féidir fás theangacha Ceilteacha na Spáinne a mhíniú de réir chultúr Hallstat agus La Tène i lár na hEorpa. (Bhí canúintí Ceilteacha á labhairt go forleathan sa Spáinn sa ré Rómhánach.)

Cuid de dhiospóireacht fhada an méid seo agus gan deireadh fós léi.