Gael-ghreannán chugainn!
Coimic úrnua 'Rí Rá' ar an bhfód

Tá cainéal teilifíse, stáisiúin raidió, iris nua-aimseartha agus suíomhanna idirlín againn.

Anois tá coimic againn.

Rí Rá is teideal don chéad sraith ó Coimicí Gael, togra de chuid an chartúnaí as an Chlár, Aidan Courtney.

“Bhí an smaoineamh agam ó bhí mé ar choláiste go mbeadh sé iontach dá mbeadh greannán Gaeilge ar nós an Beano nó Dandy ann, agus fiú rud éigin do léitheoirí fásta chomh maith,” arsa sé.

“Ní raibh aon rud sa mhargadh mar sin tar éis tréimhse a chaitheamh i gCeanada ag staidéar greannán Fraincise chuaigh mé i dteagmháil le Foras na Gaeilge leis an choincheap a bhí agam.”

Thug an Foras go leor airgid dó chun eagrán samplach a chur le chéile, a dháil sé amach chuig Gaelscoileanna na tíre, agus tá sé féin ag obair anois go deonach ar an togra.

“Tá daoine as gach cearn den tír páirteach ann, dhearaigh Bob Byrne ó Camnut Comics an clúdach mar shampla agus rinne Muireann Lalor an leagan amach.

“I mí na Samhna iarradh orm bheith ar phainéal cainte ag an Dublin Comic Convention in éineacht le daoine ó Marvel Comics mar sin tá an focal á scaipeadh de réir a chéile.”

Dírithe ar dhaoine idir 8-14, tá caighdeán an-ard léaráidí agus teanga ag Rí Rá, agus tá súil ag Aidan leanúint leis agus leathnú amach sa todhchaí le díolamaí i stíl Asterix and Tintin, déanta ar fad ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí Éireannacha.

Gach rath air!

Breis eolais le fáil ag aidancourtney.blogspot.com