Géarchéim cad é?
Léargas ar bhéarlagair na heacnamaíochta


Géarchéim airgeadais, cúlú eacnamaíochta, moilliú geilleagair, postanna á gcailleadh… sin a bhfuil ar an nuacht faoi láthair ach cá mhéad againn i ndáiríre atá go hiomlán eolach ar na cúrsaí seo? Cá mhéad againn a thuigeann béalrá na heacnamaíochta?

Níl an t-am againn go léir staidéir eacnamaíochta a dhéanamh mar sin cén dóigh le bheith ar an eolas agus ciall a bhaint as na ceannlínte reatha?

Bhuel tá cuid mhór leabhar amuigh ansin, leabhair don gnáthdhuine a dhéanann iarracht cursaí eacnaíochta a mhíniú ar bhealach suimiúil agus furasta a thuigbheáil.

Seo na cinn is mó clú, níl na leabhair seo ar fáil i nGaeilge faraor agus is trua sin mar tá siad ar fáil go forleathan i dteangacha éagsúla an domhain.

Stair an airgid

Níl le sárú mar thús eolais ná The Ascent of Money: A Financial History of the World (Allen Lane) leis an staraí Albannach Niall Ferguson a bhí le feiceáil ar shraith teilifíse de chuid Channel 4 le déanaí chomh maith.

Sa leabhar seo déanann Mac Fhearghuis staidéar ar stair an chorais eacnamíochta mar a thuigeann muid inniu é, míníonn sé cad é mar a d’fhorbair an coras baincéireachta, an stocmharagadh srl.

Is scríbhneoir an-cumusach ar fad é Ferguson agus is léamh riachtanach an leabhar seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh an domhan airgeadais a thuigbhéail.

Is leabhar ar leith é seo ach ní thaitneoidh sé le gach duine mar is léir gur duine den éite dheis é Ferguson.

Very Short Introductions

Céard é an caipitleachas? Cárb as ar tháinig sé? Cad é an caipiteal seo? An féidir córas eile a chur i bhfeidhm? Tá na ceisteanna seo á bhfreagairt in Capitalism: A Very Short Introduction (Oxford) le James Fulcher.

Leabhar an-mhaith is ea é seo, mar atá an tsraith Oxford Very Short Introductions ar fad.

Leabhar eile sa tsraith sin ná Economics: A Very Short Introduction le Partha Dasgupta, atá spéisiúil, inléite, taitneamhach agus scríofa i stíl láidir díreach ach é lán ábhar ag an am céanna.

Eacnamaíocht, mínithe

Anois, is é Naked Economics – Undressing the Dismal Science (W. W. Norton & Co.), le Burton G. Malkiel agus Charles Wheelan, an leabhar is mó clú agus cáil den seánra ‘popular economics’ agus is dócha go bhfuil an clú céanna tuilte aige.

Déanann sé go díreach cad atá scríofa ar an channa: iarracht chun an t-ábhar leadranach seo a mhíniú ar dhóigh shuimiúil.

Leabhar beag deas é fosta The Economic Naturalist: Why Economics Explains Almost Everything (Virgin Books) le Robert Frank. Tugann Frank iarraidh prionsabail na heacnamaíochta a mhíniú, ag baint úsáide as samplaí ón gnáthshaol.

Tá a fhios agam anois cén fáth ar chaith píolótaí Kamikaze clogaid agus cad chuige nach n-oibríonn DVD as Meiriceá anseo in Éirinn!

Ba leabhar é seo áfach a bhí iontach suimiúil ag an tús ach caithfidh mé a rá gur éirigh mé rud beag bréan de. Ba bheag substaint a bhí ann sa deireadh.

Saothar eile a raibh móréileamh air ar fud an domhain ná Freakonomics: A Rogue Economist Explores the Hidden Side of Everything (Pengiun) le Steven D. Levitt agus Stephen J. Dubner.

Is é an fáth leis an rath ar an cheann seo ná go bhfuil idir shúgradh agus dáiríre, sult agus ábhar machnaimh: sin moladh mór do leabhar ar bith.

Tá cuid mhór leabhar eile ar nós Freaknomics, The Economic Naturalist agus Naked Economics – na céadta acu i bhfírinne – agus ní dóigh liom gur gá iad uile go léir a léamh, má tá an triúr acu sin léite beidh ag éirí go maith leat.

Teidil Chlasaiceacha

Má bheas na teidil sin thuas léite, b’fhéidir go mbeadh duine agaibh réidh dul i ngleic le do leabhar nó dhó atá rud beag níos troma?

Cad faoi Capitalism and Freedom le Milton Friedman, biobla na heite deise agus chaipitlachas an tsaormhargaidh? Nó Wealth of Nations le Adam Smith (Oxford World’s Classics).

Más duine den eite chlé thú, b’fhéidir go gcuirfeá spéis in Das Kapital le Karl Marx, bunús teoiricí eacnamaíochta na gCumannach.

Nó más duine den lár thú, bheadh do leabhar naofa féin agat ó thaobh chursaí eacnamaíochta de in The General Theory of Employment, Interest and Money le John Maynard Keynes (i. Keynesian Economics) ina bpléitear luach an gheilleagair mheasctha.

Cibé ar bith, ní gá dúinn bheith aineolach agus na cúrsaí tábhachtacha seo á bplé.

Beidh siad ábhartha i gcónaí agus, mar is léir dúinn ar fad faoin am seo, tá tionchar ag cúrsaí eacnaíomachta ar ár saolta ar fad, níl aon éalú as.