Leabhar na Bliana bronnta ar Tairngreacht

Thug Proinsias Mac a’Bhaird an chraobh leis sa rannóg Leabhar Gaeilge na Bliana ag An Post Irish Book Awards i mBaile Átha Cliath aréir dá úrscéal Tairngreacht. Fógraíodh fear Arainn Mhór ina bhuaiteoir ag searmanas bronnta na ngradam san Ionad Tionóil ar chéibheanna na hardchathrach. 

Fuair saothar Mhic a’Bhaird an ceann is fearr ar chúig leabhar eile Gráinne Gaiscíoch Gael le Siobhán Parkinson, An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra, Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin, Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin, agus Cuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain. 

Scéinséir bleachtaireachta atá i Tairngreacht atá lonnaithe in Éirinn, in Albain, agus san Iodáil. Is é an Conchúr Ó Braonáin iriseoir as Éirinn, is mó a leantar sa scéal, a bheatha i mbaol i rith an ama. Tá dúnmharú brúidiúil ar uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill feicthe aige sa Róimh. Tá dreamanna go leor in adharca a chéile agus ní léir an bhfuil éinne le trust agus gach cuma ar an scéal go gcuirfear na sluaite agus an Eaglais féin de dhroim seoil.

Bhuaigh Tairngreacht an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais freisin.

Ba iad LeabhairCOMHAR a d’fhoilsigh Tairngreacht. Rinne Eoin P Ó Murchú léirmheas ar an leabhar anseo