Léimis leo!
Sraith úr litríochta ag tosú anocht ar TG4

Cuirfear tús le sraith nua ‘Léirmheas Leabhar’ ar TG4 anocht ag 7.30in. Labhair NÓS le léiritheoir agus láithreoir na sraithe lena thuilleadh a fháil amach faoi.


Beidh an chéad chlár sa tsraith nua litríochta Léirmheas Leabhar á chraoladh anocht ag 7.30in ar stáisiún teilifíse na nGael.

Go míosúil a chraolfar an tsraith, a mhínigh léiritheoir an chláir Deirdre Ní Choistín, chun deis a thabhairt do léitheoirí sa bhaile na leabhair a léamh agus le cinntiú go mbeidh a dhóthain leabhar nua foilsithe le plé a dhéanamh orthu.

“Ba mhaith linn go mbeadh an pobal féachana ag léamh linn,” arsa Deirdre.

“Beidh muid ag cur béime ar leabhar nua-fhoilsithithe agus ag tacú leis na scríbhneoirí agus leis na foilsitheoirí atá ann i láthair na huaire,” ar sí.

Idir leabhair do dhaoine fásta, d’fhoghlaimeoirí agus do dhaoine óga, pléifear gach saghas saothair sa chlár leathuaire seo, a bheas á thaifeadadh sa stiúideo i mBaile na hAbhann agus amuigh ar an bhóthar.

Sa chéad chlár, beidh léirmheas ar An Tearmann le Alex Hijmans, An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín agus Scéalta Nuachta le Déaglán de Breadún.

Do léitheoirí óga, beidh léirmheasanna ar Dónall Dána agus ar Danny Seaimpín an Domhain.

Is í an Dr. Róisín Ní Ghairbhí (thuas), léachtóir le Gaeilge i gColaiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bheas i mbun láithreoireachta agus beidh painéal de léirmheastóirí éagsúla ina teannta gach clár.

Sa chéad chlár, beidh an t-údar aitheanta Myra Zepf, Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelchultúr agus an t-iriseoir Pól Ó Muirí sa stiúideo ag roinnt a gcuid tuairimí faoi shaothar na míosa.

Anuas air sin, beifear ag tabhairt eolais maidir le féilte litríochta agus féilte leabhar agus á roinnt ar shuíomh TG4.

Tá súil ag TG4, tríd an suíomh idirlín, eolas nua agus reatha faoi ábhair léitheoireachta nua-fhoilsithe agus naisc chuig na foilsitheoirí Gaeilge ar fad a chur ar fáil.

“Beidh eolas á roinnt againn go rialta ar an suíomh agus ar na meáin shóisialta agus tá muid ag iarraidh go mbeidh léitheoirí lárnach ar an suíomh. Club leabhar ar líne a bheas ann,” arsa Deirdre.

Buntáiste mór an tsuímh ná go mbeidh gach eolas ar fáil faoi chúrsaí leabhar ar aon leathanach amháin.

“Is é an sprioc atá againn ná go mbeadh muid mar leathanach lamairne do dhaoine ar mhaith leo aon eolas faoi chúrsaí leabhar.”

“Tá borradh faoi chlubanna leabhar timpeall na tíre agus ar na meáin shóisialta le blianta beaga anuas, agus ba mhaith linn a bheith ag nascadh leo agus lárnach sa saol atá ann cheana féin,” ar sí

Dúirt Róisín Ní Ghairbhí go bhfuil sí ag súil go mbeidh an tsraith ag spreagadh léitheoireacht na Gaeilge

“An-mheán í an teilifís mar ní rud acadúil atá i gceist agus baineann sé lucht féachana an-leathan amach.

“Níl aon cheangal á dhéanamh idir léitheoireacht agus an chúis, nó léitheoireacht agus an scoil. An comhthéacs ata ann ná go beadh daoine ar a sáimhín só sa bhaile i mbun léitheoireachta agus is buntáiste mór é sin.”

Craolfar Léirmheas Leabhar as seo go dtí mí na Bealtaine agus beidh sé ar ais tar éis an tsamhraidh!

Breathnóimid agus léimis!


Leanaigí an clár ar Twitter @leirmheasTG4 agus ar Facebook Léirmheas Leabhar.