Oíche i measc na leabhar
Ná bí ag súil le hoíche mhaith chodlata sa bhrú seo!

Is iomaí duine ar thit néal codlata orthu agus leabhar ina lámha acu.

Seift chodlata atá sa léitheoireacht chun an corp agus intinn a fháil réidh d’oíche shuan sa leaba.

Tá forbairt déanta ar an choincheap seo ag brú óige sa tSeapáin, agus tá ag éirí thar cionn leis.

Anuraidh bhunaigh Book & Bed a gcéad bhrú ar an seachtú urlár d’ollfhoirgneamh i dTóiceo.

Samhlaigh siopa leabhar a bhfuil tréan leapacha ann, iad suite isteach sna leabhragáin adhmaid, díreach mar a gheofá i scéal ficsin draíochta do pháistí.

Tá dréimire na leapa ar fáil le tú a thabhairt a fhad le do leaba agus lampa ar fáil i ngach seomra bídeach.

Beirt dearthóirí Makoto Tanijiri agus Ai Yoshida ón chomhlacht Suppose Design Office, a dhear an brú.

Agus fuaimeanna na leathanach ag siosarnach sna cluasa, níl i gceist ag lucht an bhrú go rachfá isteach sa ‘Leaba agus Leabhar’ seo mar rogha lóistín ar mhaithe leis an chodladh.

Deirtear go beacht ar an suíomh nár ceart a bheith a súil lena leithéid ann.

“Ní láthair fhoirfe atá anseo le haghaidh codladh maith,” ar siad.

“Níl trácht ar thochtanna compordacha, piliúir bhoga ná dúiveanna eadróma agus troma,” a deirtear ar an suíomh.

Is cosúil gur cuma faoi na rudaí sin nuair atá na mílte leabhar thart ort!

Tá an oiread ratha ar an bhrú go bhfuil beartaithe acu siopa nua a bhunadh in Kyoto ina mbeidh breis agus 5,000 leabhar sa tSeapáinis agus i dteangacha eile ann.

Cosnaíonn oíche i measc na leabhar €44 i seomra roinnte a fháil agus tá roghanna níos daoire ann seomra aonair a fháil.

Deirtear ar an suíomh freisin go dtéann an t-airgead a dhéantar ar ais chun leabhair nua a fháil agus i dtreo na litríochta.

Beirigí bua ‘Leaba agus Leabhar’, tá muid ag súil go dtagann sibh a fhad linn anseo go hÉirinn!