‘Rud éigin san aer’ sa Bhruiséil agus foilsitheoir nua Gaeilge bunaithe ann

Bhí maithe agus móruaisle i saol an aistriúcháin i láthair ag seoladh leabhar sa Bhruiséil le déanaí a reachtáladh i Se M’ami, caifé teolaí Iodálach ina mbíonn ócáidí liteartha ar siúl go rialta. Dar le fear tí na hoíche agus bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile go bhfuil “rud éigin san aer” sa Bhruiséil le tamall anuas: tá níos mó imeachtaí cultúrtha agus teanga á gcur ar siúl ná riamh agus beocht le brath ar shaol na nGael in ardchathair na hEorpa dá bharr. 

Ba é Austin Ó Duibh, aistritheoir in institiúidí na hEorpa, a chuir tús leis an oíche agus Inphrionta Lováin á chur i láthair aige, inphrionta úr de chuid Leabhar Breac a raibh lámh aige lena bhunú agus atá dírithe ar leabhair a fhoilsiú le scríbhneoirí na Gaeilge atá ag cur fúthu ar an Mór-Roinn. 

Dar le Austin go bhfuil gá lena leithéid chun a thaispeáint don saol mór gur fiú d’aistritheoirí na hEorpa a bheith ann agus gur féidir na scileanna agus an saineolas atá tugtha leo a chur chun tairbhe do litríocht na Gaeilge. 

Leag sé béim ar an leanúnachas idir obair cheannródaíoch chlódóireachta na bProinsiasach Éireannach i Lováin thiar sa 17ú haois agus saothrú na Gaeilge sa lá atá inniu ann ag Gaeil na Beilge. Tá eagar á chur ag Ó Duibh féin ar bhailiúchán óráidí aistrithe go Gaeilge ó theangacha éagsúla, arb é an dara leabhar a thiocfaidh as an inphrionta nua.

Is leis an gcéad leabhar ón inphrionta úr a bhain seoladh na hoíche: Ar Luch agus ar Dhuine, aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar Of Mice and Men le John Steinbeck. Is as Gaeltacht Ghaoth Dóbhair do Cholmcille ó dhúchas agus tá sé ar dhuine de na haistritheoirí Gaeilge is seanbhunaithe i gCoimisiún na hEorpa. 

Agus é á chur faoi agallamh ag Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac, dúirt sé go raibh Of Mice and Men á thiontú aige le roinnt blianta ach gur i dtreallanna a thug sé faoi, cibé uair a bhíodh uain aige chuige. An chomhairle a thug sé don ábhar aistritheora ná spriocdháta a leagan síos agus an t-aistriúchán a chur de in achar réasúnta gearr ama chun an mhoilleadóireacht a sheachaint agus an intinn a dhíriú. Ba cheart an t-aistriúchán críochnaithe a chur ar leataobh ansin ar feadh scaithimh — roinnt míonna nó bliain, fiú amháin — sula bhfilltear air chun é a athbhreithniú le dearcadh úr.

Ina theannta sin, chuir Colmcille aistritheoirí liteartha an lae inniu i gcomparáid le haistritheoirí ar nós Shéamais Mhic Ghrianna agus Mháirtín Uí Chadhain a shaothraigh ar scéim an Ghúim sna 1920idí agus 1930idí. Cé gur dócha nach bhfuil an saibhreas céanna ag aistritheoirí na linne seo lena n-ais siúd, tá rud amháin againn inniu nach raibh acu, dar le hÓ Monacháin — sochar na teicneolaíochta (idir fhoclóirí agus acmhainní eile idirlín). Fágann sé sin nach bhfuil leithscéal ar bith againn gan an mot juste a aimsiú, is dócha! 

Go deimhin, dá mbeadh Colmcille ag tabhairt faoin rud ar fad arís, bhainfeadh sé leas níos fearr as an teicneolaíocht: is oth leis nár úsáid sé bogearra aistriúcháin ón tús, rud a ligfeadh dó an t-aistriúchán go léir a dhéanamh ar an ríomhaire seachas a bheith ag útamáil le cóip chrua den leabhar faoi bhun an scáileáin. 

An dara leabhar a seoladh ar an oíche ná Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil, an t-úrscéal deireanach i dtríológ d’úrscéalta stairiúla faoi eachtraí thús an 17ú haois in Éirinn, sna blianta beaga tar éis imeacht na dtaoiseach Gaelach chun na Mór-roinne. Is é Feargal Ó Béarra a chuir leabhar Mhic Chóil i láthair, é ag rá gur cruthúnas é tríológ Mhic Chóil go bhfuil an Ghaeilge saibhir go leor chun ficsean stairiúil den chaighdeán is airde a chur ar fáil. Cé gur tugadh céim síos do phobal na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta agus gur chaill an teanga an stádas a bhí aici tráth, ní hionann sin is a rá gur daibhríodh an teanga féin — go deimhin, taispeánann saothar Mhic Chóil go bhfuil mianach liteartha den chéad scoth sa teanga ach í a aclú i gceart agus tarraingt ar a saíocht, a dúirt Ó Béarra. 

Léigh Mac Cóil sliocht as a leabhar úr agus luaigh sé an gean atá aige féin ar an mBruiséil: airíonn sé go bhfuil sé ar thairseach na hEorpa ann agus go bhfuil macallaí na staire le brath mórthimpeall air. 

Dar leis go raibh sé i láthair ag an tionól is mó Gael ar an Mór-roinn ó Theitheadh na nIarlaí i leith! Faraor nár thug Mac Cóil tuilleadh cainte uaidh — seans gur mheas sé, ámh, go raibh tuirse ag teacht ar an slua tar éis dúinn éisteacht leis an iliomad cainteoirí eile agus go raibh sé in am dul ar aghaidh chuig Café aux Artistes, teach tábhairne ina mbeadh oíche airneáin is cheoil!