Tugtar ar ais Scéim Aistriúcháin an Ghúim!

The Call of the Wild, leagan nua scannáin de leabhar cáiliúil Jack London, sna pictiúrlanna le cúpla lá anuas. Thaitin an leabhar, agus a cheann eile White Fang, go mór liom agus mé ag fás aníos, agus ó tharla go bhfuil Harrison Ford, duine de na haisteoirí is fearr liom, sa scannán beidh mé ag tabhairt cuairte ar an Omniplex go luath lena fheiceáil. 

Ach i gcás na scannán a bhunaítear ar leabhair, déanann mé an-iarracht i gcónaí an leabhar a léamh sula mbreathnaíonn mé ar an scannán. Cé gur léigh mé The Call of the Wild fadó, ní cuimhin liom gach gné den scéal anois, agus theastaigh uaim é a léamh in athuair sula ngabhfainn chuig an bpictiúrlann. Anuas air sin, má tá leagan Gaeilge de leabhar ar fáil, déanfaidh mé gach iarracht an leagan sin a cheannacht agus a léamh in áit an leagain Béarla. 

Bhí a fhios agam gur aistríodh The Call of the Wild  mar chuid de Scéim Aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí, agus d’éirigh liom go minic roimhe seo seanchóipeanna de na leabhair a foilsíodh faoin scéim sin a aimsiú ar líne nó i siopaí athláimhe. D’éirigh liom cóip amháin de Scairt an Dúthchais, aistriúcháin Niall Uí Dhomhnaill ó 1932, a aimsiú ar líne — ach costas €500 a bhí air! 

Chuaigh mé ag cuartú sna leabharlanna poiblí ach níor éirigh liom cóip a fháil ansin ach an oiread. D’aimsigh mé sa deireadh é i leabharlann ollscoile san ardchathair, agus ar ámharaí an tsaoil tá cara liom i mbun cúrsa ann faoi láthair. Tá Scairt an Dúthchais in aice na leapa ó shin agus é agam as seo go ceann míosa — neart ama lena léamh sula n-imeoidh an scannán as na pictiúrlanna. 

Ach is mór an trua go raibh orm an dua mór sin a chur orm cóip den leabhar beag a fháil. Dá dteastódh cóip i mBéarla uaim, gheobhainn go héasca ó Eason’s é, nó dá mba mhaith liom dúshlán a thabhairt dom féin agus leagan Gearmáinise a fháil, ní bheadh le déanamh agam ach scéala a chur soir go mo chairde in Hamburg cóip aimsiú sa gcathair sin dom.

Aistríodh an t-uafás leabhar sna 1920idí agus na 1930idí go Gaeilge, ón mBéarla den chuid ba mhó ach ó theangacha eile an domhain freisin. Cuireadh clasaicí móra ar fáil chomh maith le leabhair eile nach raibh fáil chomh forleathan sin orthu ag pobal léitheoireachta na Bhéarla sa tír seo. 

Den chuid ba mhó, cló aon-uaire a bhí sna leabhair seo agus nuair a díoladh iomlán na gcóipeanna, níor cuireadh ar fáil arís iad. Is féidir teacht ar chuid acu i leabharlanna poiblí ach tá galar na leabhar ar na Gaeil go tréan agus is dócha ná a mhalairt go bhfuil formhór na gcóipeanna i mbailiúcháin phríobháideacha ar fud na tíre — nó ar díol ar líne ar €500. 

Agus muid ag tarraingt ar 100 bliain ó bunaíodh Scéim an Aistriúcháin, is mithid don Ghúm breathnú ar a bhfuil acu ón tréimhse seo, foireann a chur ag obair ar chaighdeánú agus uasdátú na dtéacsanna agus leaganacha crua agus ríomhleabhair de gach leabhar a foilsíodh faoin scéim a chur i gcló arís do phobal léitheoireachta ár linne. 

Tá obair mhaith déanta ag comhlachtaí príobháideacha, a d’athfhoilsigh leabhair ar nós Cogadh na Reann (War of the Worlds), Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (Alice’s Adventures in Wonderland) agus Dracula, ach tá an t-uafás leabhar ann nach bhfuil fáil orthu anois.

Tá an t-aistriúchán an-tábhachtach don Ghaeilge, agus ba chóir go mbeadh fáil ar mhórleabhair an domhain inár dteanga féin, mar a bhíonn i dteangacha eile. D’éileoinn rud eile fós ar an nGúm — leabhair ‘nua’ a foilsíodh le caoga bliain anuas a chur san áireamh agus rogha 20 leabhar ón tréimhse sin a chur ar fáil as Gaeilge freisin.