Leipreachán an Phota Mhóir agus imeachtaí eile

Geamaireacht: Leipreachán an Phota Mhóir // Amharclann Ghaoth Dobhair 27 Eanáir – 1 Feabhra @ 20:00/13:00

Beidh deis agaibh aisteoirí Ghaoth Dobhair a fheiscint i mbun a gceirde agus iad páirteach i ngeamaireacht ó pheann an údair Eoghan Mac Giolla Bhríghde. Leipreachán an Phota Mhóir atá tugtha aige uirthi, agus mar a shamhlófá lena leithéid de dhráma, tá spraoi, gáirí agus craic geallta ag an ngrúpa áitiúil drámaíochta seo. Beidh sé ar siúl tráthnónta agus i rith an lae ar an gcéad Shatharn do mhí Feabhra, ach is fiú teagmháil a dhéanamh leis an amharclann do na sonraí ar fad agus chun ticéad a cheannach!

Caith Amach É // An Taibhdhearc, Máirt 28 – Céad 29 Eanáir (amanna éagsúla)

Tá taispeántais an ghrúpa High Rock Productions feicthe agam cheana, agus is mé a bhí tógtha leo. Níos tábhachtaí, bhí na daltaí meánscoile a bhí i mo chomhluadar ag baint súp astu agus as geáitsí na n-aisteoirí a bhí páirteach. Is bunaithe ar an tsraith pictiúr do scrúdú Gaeilge na hArdteiste atá a gcuid seónna grinn. Caith Amach É an teideal atá ar an seó a thabharfaidh siad go Gaillimh an tseachtain seo chun na déagóirí a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Léireofar é cúpla babhta in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge Máirt agus Céadaoin na seachtaine seo.

Pop up Gaeltacht mhí Eanáir // The Bailey Déardaoin 30 Eanáir óna 20:00

Má tá deireadh leis an staonadh ó ól ag deireadh na míosa, (mar is dual do dhaoine a dhéanamh i rith mhí Eanáir) bí ar an eolas go mbeidh Pop Up Gaeltacht na míosa seo chugainn ar an 30 Eanáir – an dara lá deireanach! Cúis cheiliúrtha, gach seans, má tá éirithe leat an deoch a sheachaint le cúpla seachtain. Is i dtábhairne breá lárnach, The Bailey, ar Shráid an Diúic a bheidh na sluaite ag bailiú. Bí leo óna hocht a chlog.