‘Mothaím nasc le m’oidhreacht nuair a lasaim bladhaire na Féile Eoin’

Is cuimhin liom i m’óige (agus gan í i bhfad uaim, le fírinne) amharc amach ar an fhuinneog ar thráthnóna an tríú lá fichead de mhí Mheithimh, agus carnáin mhóra d’adhmad, cipíní, brainsí, raithneach agus páipéar a fheiceáil ar dhá thaobh an bhá agus siar go bun Chnoc Fola. 

Bheadh sé mar thasc againn féin dul amach agus slatacha adhmaid a chruinniú thart ar an teach, seanbhrainsí a shábháil muid, adhmad a tháinig le boscaí oráistí, agus cathaoireacha a thit as a chéile, agus iad a chaitheamh ag bun an gharraí le cur ar lasadh ar a deich a chlog an oíche sin. 

Is traidisiún í Oíche Fhéile Eoin a théann siar na céadta blianta, agus is í an tuairim go forleathan ná gur ghlac na Críostaithe féile phágánach faoina bhráid féin, agus thiontaigh ina cheiliúradh ar Eoin naofa. 

Tá nasc beacht ag na Gaeil leis na seanfhéilte págánacha a bhí ag ár sinsir i bhfad roimhe seo. Ar ndóigh is iad na seanGhaeil a thosaigh an traidisiún, agus is orainne atá sé an traidisiún a choinneáil beo. 

Is í an tine croí an cheiliúrtha, ó Shamhain go hImbolc, ó Imbolc go Bealtaine, ó Bhealtaine go Lúnasa, agus ó Lúnasa go Samhain arís. Bíonn an tine cumhachtach, cosantach, dainséarach agus mealltach. Ní féidir do lámh a leagan uirthi, ach cumhdaíonn sé agus cothaíonn sé muid. Choinnigh tine beo muid ar feadh na mílte blianta, agus braitheann muintir na tuaithe go fóill uirthi mar sholas, mar bheocht sa teach, agus mar chomhluadar. 

Oíche ar bith den bhliain nuair a imíonn na soilse agus an leictreachas, bíonn an tine ann, agus nuair a stánann tú ar na haibhleoga, níl iomrá ar aon ghléas digiteach, agus is iad an comhrá agus an comhluadar a chaomhnaíonn muid. 

Níl a fhios agam an í aois na gcomharsan a bhfuil a bpáistí fásta agus imithe, nó an léargas é ar an saol sa lá atá inniu ann, agus muid faicheallach faoin gcomhshaol agus faoinar n-iarrachtaí ar son an comhshaoil, ach tá líon na dtinte cnámha laghdaithe sa cheantar seo leis na blianta anuas. 

Ar ndóigh, caithfear smaoineamh ar an damáiste is féidir a dhéanamh nuair a théann tine as smacht, nó nuair a dhóitear plaisteach agus rubar, tá an méid sin intuigthe. Ach tá a fhios agam féin go mothaím nasc le m’oidhreacht, le mo mhuintir, agus leis na seanGhaeil nuair a lasaim bladhaire i mo theach féin achan oíche sa tinteán.