Oireachtas Gaeilge Cheanada le reáchtáil ar líne i mbliana

Beidh deis ag Gaeil ar fud Cheanada, agus an domhain mhóir, freastal ar imeachtaí Oireachtas Gaeilge Cheanada i mbliana gan an turas mór a thabhairt orthu féin go Tamworth in Ontario. Beidh an fhéile Ghaelach á reáchtáil ar líne i mbliana mar gheall ar na srianta atá fós i bhfeidhm i gCeanada le scaipeadh an víris chorónaigh a chosc. 

Beidh imeachtaí na féile á reáchtáil mar chuid de ‘Thumsheachtain na Gaeltachta’ na bliana seo. Go hiondúil, tagann cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann Cheanada go Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, taobh amuigh de Erinsville, le seachtain a chaitheamh i dteannta a chéile ag labhairt agus ag foghlaim na Gaeilge. 

Ní bheidh ach dhá chomórtas ag Oireachtas Gaeilge Cheanada i mbliana: Amhránaíocht ar an Sean-Nós; agus Amhránaíocht i Stíl Nach Sean-Nós í. Beidh fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa gcomórtas cur isteach air i mbliana. Ní bhfaighidh buaiteoir na bliana seo urraíocht d’eitilt go hÉirinn le freastal ar Oireachtas na Samhna i mbliana, mar a fuair blianta eile, mar gheall nach mbeidh an fhéile sin ar siúl ach an oiread i mbliana. 

Deir lucht Chumann na Gaeltachta, an eagraíocht a bhunaigh an ‘Ghaeltacht’ i gCeanada agus a reáchtálann na tOireachtas ann, gur mian leo an fhéile a reáchtáil mar is ceart amach anseo, agus nach bhfuil sa “ríomhOireachtas” seo ag “céim” ag an phaindéim fós ar siúl. 

Beidh Tumsheachtain na Gaeltachta ar siúl idir an 10-16 Lúnasa, ar Zoom, agus comórtais Oireachtas Gaeilge Cheanada á reáchtáil ar an 15 Lúnasa. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn na féile seachtaine beidh ranganna Gaeilge agus ceardlanna ar ábhair éagsúla. Beidh ceardlanna sa mbataireacht, sa scéalaíocht, san fhilíocht, san amhránaíocht agus sa stair ann.

Tá costas $85 ar thicéad d’fhéile na bliana seo, nó $20 in aghaidh an lae, agus beidh táille $10 ar dhuine ar mhaith leo cur isteach ar na comórtais. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na féile