Péinteáil le Póilin – Sliogáin
rang ealaíne NÓS ag 13.00

Beidh an seachtú rang inár sraith ealaíne ‘Péinteáil le Póilín’ ar siúl inniu ag 13.00 ar Instagram NÓS. Is í an dearthóir agus iriseoir Póilín Nic Géidigh as Gaeltacht Thír Chonaill a bheidh linn arís le treoir a thabhairt faoi chúrsaí péinteála agus tarraingthe ag am lóin.

An tseachtain seo caite, rinne Póilín rang peannadóireachta inar thaispeáin sí a cuid scileanna callagrafaíochta i bhfoirm shimplí agus éasca a leanúint. Tá an rang sin go fóill ar fáil ar IGTV NÓS ar Instagram. 

Inniu, beidh sliogáin idir lámha aici, agus níl de dhíth don rang ach peann luaidhe agus peann, ach is féidir criáin daite nó marcóirí a úsáid le dath a chuir ar na léaráidí ag deireadh an ranga.

“Tá go leor daoine thíos cois cladaigh le gairid san aimsir mhaith, agus tá na céadta sliogán difriúil le fáil ar thránna na tíre seo. Ba mhaith liom go mbeidh daoine ábalta a scíth a ligean ag am lóin agus an deis a ghlacadh a bheith cruthaitheach ar feadh tamall beag,” a dúirt Póilín.

Bí linn inniu ag 13.00 ar leathanach Instagram NÓS agus cuir chugainn do phictiúr ar na meáin shóisialta ina dhiaidh! Beidh an rang ar fáil mar fhíseán i ndiaidh an ranga.