‘Réabhlóidí cultúir chathair na Gaillimhe’ ar shlí na fírinne

Tá Seán Stafford, a bhí “lárnach i réabhlóid chultúir chathair na Gaillimhe” i lár na 1970idí, ar shlí na fírinne. 

Bhí baint mhór ag Seán Stafford, a bhásaigh inné agus é 96 bliain d’aois, leis an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, ó bhog sé go Cathair na dTreabh in 1949. Dúirt Aodh Ó Coileáin, cathaoirleach na Taibhdheirce agus cara le Seán, go raibh Seán i lár an aonaigh sa “réabhlóid chultúir” a tharla i gcathair na Gaillimhe dhá scór blianta ó shin agus go bhfuil “an-uaigneas ar fad” ar phobal ealaíon na cathrach ina dhiaidh. 

Ba as Cill Chainnigh ó dhúchas é Seán, a chuaigh ar dtús go Baile Átha Cliath in 1946 mar ar cuireadh oiliúint air mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Phádraig i nDroim Chonrach. Agus é i mBaile Átha Cliath, chuaigh sé isteach i gCraobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge.

Ba bhall den chraobh céanna é an drámadóir mór le rá Breandán Ó Beacháin, agus bhí dráma á chur ar an ardán ag baill na craoibhe nuair a chuaigh Seán isteach ann. Ba ansin a casadh air a bhean chéile, Máire Nic Giolla Phádraig (Máire Stafford i ndiaidh a bpósta), a bhí ag aisteoireacht sa dráma. 

“I ndiaidh bhás Mháire in 2014, bhínn ag dul ar cuairt go réasúnta rialta ar Sheán ina theach anseo i nGaillimh. Bhuail mé leis den chéad uair in 1980, agus aithne agam air ó shin, bhíomar an-mhór le chéile. Scéalaí maith a bhí ann nár chaill géire a intinne ná a chuimhne riamh, agus d’inis sé an scéal seo dom faoina bhean chéile.

“Bhíodh sé ag iascach in abhainn na Feoire i gCill Chainnigh agus é ina bhuachaill óg, ag iascach bric is dócha, agus d’fheiceadh sé leaideanna óga ag siúl suas thairis agus cailíní ar adhastar acu, agus deireadh sé leis féin ‘cén fáth a bhfuil na leaids óga sin ag cur a chuid ama amú ag siúl le mná nuair a d’fhéadfaidís a bheith cosúil liomsa ag iascach? Ach ansin chuaigh mé go Baile Átha Cliath agus casadh Máire orm agus tháinig athrú ar mo léargas, dearcadh agus meon, agus taobh istigh de thrí seachtaine bhí mé deimhin de go bpósfainn í,” a dúirt Aodh Ó Coileáin le NÓS. 

Tháinig an lánúin go contae na Gaillimhe in 1948, go Dún Mór, taobh ó thuaidh de Thuaim agus chaith sé tamall ag múineadh ann. Tairgeadh dhá phost dó in 1949, ceann i mBaile Átha Cliath ag an ceann eile i gcathair na Gaillimhe, sa ghairmscoil ar Bhóthar an Athar Uí Ghríofa, agus ghlac sé le post na Gaillimhe. 

“Sna seascaidí agus sna seachtóidí ag tháinig Seán agus Máire in inmhe sa Taibhdhearc. An cháil ba mhó a bhí orthu ná na geamaireachtaí, agus is mó duine ó chathair agus contae na Gaillimhe, agus ón gceantar máguaird, a fuair oiliúint amharclannaíochta ó Sheán Stafford.

“Rud suntasach atá ag tarlú anois, tá mé ag feiceáil an-chuid teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ó dhaoine ag cur a mbuíochas in iúl do Sheán Stafford as an tús a thug sé dóibh, as an muinín agus an oiliúint a fuair siad uaidh,” a dúirt Aodh.

Ba faoi stiúir Sheáin Stafford a fuair daoine móra i saol na n-ealaíon i nGaillimh, agus go náisiúnta, a gcéad bhlaiseadh den amharclannaíocht — an t-aisteoir aitheanta Mick Lally ina measc. Ba sa Taibhdhearc a thosaigh Lally ag aisteoireacht, agus é sa bpríomhpháirt i Mise Raiftearaí an File in 1974, faoi stiúir Sheáin. 

Ba mholtóir agus léirmheastóir freisin é Seán, agus é ina léirmheastóir a raibh an-mheas air i gComhlachas Náisiúnta na Drámaíochta ó na 1970idí ar aghaidh.

“Deirtear más moladh atá uait, faigh bás, ach bhí an-mheas ar Sheán ar feadh a shaoil. Chonaic mé féin é den chéad uair agus mé le hAisteoirí Bhréanainn agus mé deich mbliana d’aois, agus bhí an-mheas ag Aisteoirí Bhréanainn ar thuairimí Sheáin. Bhí fios a cheirde aige, agus an cháil air go raibh sé cothrom, crua, féaráilte,” a dúirt Aodh. 

Dúirt Aodh gur “deireadh ré” atá i mbás Sheáin, fear a bhí níos sine ná an Taibhdhearc féin, agus go mbeidh “an-uaigneas ar fad” ar phobal ealaíon Chathair na dTreabh agus ar shaol na Gaeilge ina dhiaidh.