Return of the Ming – Yu Ming fillte do ‘Gaeilge 24’

Tá ‘Yu Ming’ fillte ar shaol na Gaeilge lena thacaíocht a thabhairt don fheachtas ‘Gaeilge 24’ a bheidh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge an mhí seo chugainn.

Ghlac an t-aisteoir Diyu Wu páirt i bhfógra nua don fheachtas a eisíodh an tseachtain seo, agus é ina ról cáiliúil Gaeilge ón scannán Yu Ming Is Ainm Dom.

https://twitter.com/gaeilge24/status/1316464495670308864

Agus é seasta os comhair scátháin ar nós Robert de Niro sa scannán clúiteach Taxi Driver, fiafraíonn ‘Yu Ming’ de féin, agus dínne an lucht féachana, ‘an bhfuil tusa ag labhairt liomsa?’.

Aithris ar an radharc cáiliúil ó Yu Ming Is Ainm Dom atá ann, inar chleacht Yu Ming a chuid Gaeilge sa tSín sular thug sé cuairt ar Éirinn.

Beidh an dúshlán Gaeilge 24 ar siúl ar an 10 Samhain agus é mar aidhm ag Conradh na Gaeilge na mílte gasúr scoile a chur ag Gaeilgeoireacht ar feadh an lae.

Ó bhain sé a cháil amach i measc na nGael, tá Diyu Wu tar éis an aisteoireacht a fhágáil ina dhiaidh agus a aghaidh a thabhairt ar rudaí eile. Tá sé ina chomhlach le Arthur Cox faoi láthair agus ina dhlíodóir deonach le FLAC.