50 shades of… brící
Ní raibh Lego riamh chomh salach


Is cosúil gur bhain sibh sult mór as na heachtraí staire ar athchruthaíodh iad le Lego a chuir muid in airde ar an tseachtain seo caite.

Ag cloí leis an, eh, NÓS sin, seo chugat níos mó!

Is é Fifty Shades of Grey an scannán is úire chun maisiúchán Lego a fháil, agus ní bheidh díomá ort.

Fuipeanna, slabhraí agus dallóga – tá sé ar fad ann, agus na daoine beaga ag tabhairt faoi ‘chaithimh aimsire’ nach bhfeicfidh tú in aon siopa bréagán (ach amháin ceann gnéis ar ndóigh).

Beidh an fíorscannán, ina bhfuil Dakota Johnson agus an tÉireannach Jamie Dornan mar an tUasal Grey, le feiceáil sna pictiúrlanna ar Lá Fhéile Vailintín, 14 Feabhra.