‘Arracht’ le taispeáint ag Féile Scannán Bhéal Feirste

Beidh an fadscannán Gaeilge faoin nGorta Mór, Arracht, a thaispeánfar den chéad uair in Éirinn an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath, le feiceáil ag Féile Scannán Bhéal Feirste i mí Aibreáin. 

Beidh an scannán á thaispeáint mar chuid den fhéile Dé Máirt, an 7 Aibreán i bpictiúrlann an Odeon sa Victoria Square i lár chathair Bhéal Feirste. 

Lonnaithe in aimsir an Ghorta Mhóir atá an scannán drámata seo faoi iascaire agus iar-shaighdiúir in iarthar na hÉireann a dhéanann a ndícheall muintir a mbaile bhig a fhuascailt ó uafás an Drochshaoil. 

Tá costas £6.50 ar thicéad agus lascainí ar fáil do mhic léinn agus aosaigh, agus beidh na ticéid ar díol ón 5 Márta. 

Beidh an fhéile féin ar siúl ón 1-9 Aibreán agus lucht na féile ag ceiliúradh 20 bliain a bunaithe i mbliana.