Batman Beag Buí
scoth an scannáin d'óg agus d'aosta!

Agus é fógartha ag Ben Affleck ar na mallaibh go bhfuil sé chun seasamh siar ó bheith mar stiúrthóir ar an chéad scannán Batman eile, is é an trua é nach seasfadh sé siar óna ról mar Batman féin nó is léir go bhfuil píosa plaisteach i ndiaidh jab níos fearr a dhéanamh de ná a dhéanfaidh Affleck choíche.

Ar ndóigh is ag trácht ar Lego Batman atá mé sa scannán úr The Lego Batman Movie.

Mar a rinne sé sa chéad Lego Movie, pilleann Will Arnett, agus a ghlór garbh gairgeach a shamhlaítear le Dark Knight Christian Bale, i bpáirt an phríomhcharachtair Batman Lego.

Lán aicsin, tógfaidh an ceann feadhna beag buí do chroí agus é ag bualadh le gach fobhithiúnach (ollbhithiúnach) a thiocfadh leat a thabhairt chun cuimhne, Green Lantern, Scarecrow, King Kong agus bithiúnaigh eile nach iad.

Ar stíl ghalánta, fhísiúil, éiríonn leis an stiúrthóir Chris McKay scannán daite, a ghluaiseann ar aghaidh go gasta, a chur os ár gcomhair, lán de ghreann agus jócanna aon líne a chuirfidh gliondar ar pháistí agus lucht leanúna DC Comics araon.

Daoibh siúd nach bhfuil mórán eolais agaibh ar Batman ná ar DC Entertainment, tá seans ann go rachaidh cuid de na jócanna amú oraibh ach déantar cúiteamh air seo le híomhánna cumhachtacha agus dearadh iontach na beochana.

Cé gur scannán teaghlaigh é a dhíríonn ar chúrsaí grinn agus aicsin, ní dhéantar dearmad ar an taobh dáiríre de scéal Batman ach oiread.

Áit nár éirigh le scannáin eile de chuid Batman dar liom, éiríonn leis an scannán seo rud amháin a chur in iúl ina iomláine.

Léirítear an taobh daonna, an taobh leochaileach de Batman agus eagla air caidreamh a chothú le duine ar bith ar fhaitíos go ngortófar é.

Tugtar suntas fosta den taobh dhorcha, uaigneach de Batman – agus an taobh naircisíoch chomh maith – agus cothaítear trua don laoch seo i measc lucht féachana óg agus aosta araon.

Agus mé ag fiafraí de mo neacht, atá sé bliana d’aois, cén fáth a molfadh sí The Lego Batman Movie do dhaoine eile dúirt sí, “Tá sé iontach greannmhar agus níl sé leadránach”.

Is léir mar sin go n-éiríonn le Lego aird na ndaoine óga agus na ndaoine fásta a choinneáil, cé nár thuig sí cuid de na jócanna faoi na seanléirithe de Batman (é sna 60í ag caitheamh riteoga) agus scannáin eile ar nós Doctor Who agus King Kong.

Mar scannán teaghlaigh, tá rud éigin cinnte ann do gach duine.

Fair plé do Cool Fm agus do Moviehouse Cinemas a d’eagraigh an réamhthaispeántas mar, anuas ar an léiriú, chuir siad péintéireacht aghaidhe agus ceardaíocht agus bhí Batman féin ann chun an scannán a chur i láthair.

Anois, ní bhfaighidh tú seo ag gach léiriú den scannán, ach is féidir brath ar 104 bomaite de spraoi, greann, aicsean agus íomhánna galánta, agus ábhar mothálach a spreagfaidh cúpla deoir i do shúil.

Anois, tá mé ar shiúl le culaith rubair a cheannach….Na na na na na na na na Batman!!!