Beauty & The Bae-st
Cé acu is áille, an fear nó an bhéist?

Beauty and the Beast, an bhfuil sé feicthe agat go fóill?

An-scannán atá ann, an iomarca autotune b’fhéidir, ach sure mhaithfinn aon rud d’Emma Watson!

Rud amháin a sheas amach do roinnt daoine faoin scannán – agus a raibh an-chuid cainte air timpeall an idirlín – ná an Beast é féin, le bleaist daoine ag rá go raibh sé níos áille sular iompaigh sé ar ais ina fhear.

Seo é mar ‘ainmhí’ agus mar fhear:

Agus, mar mheabhrúchán, seo é mar a bhí siad sa leagan beochana a tháinig amach siar in 1991:

(Dála an scéil, nach bhfeádfadh Hercules Disney agus an prionsa thuas a bheith ina ndeartháireacha?! Pictiúr!)

Ar AON nós, níl a fhios agam an aontaím leo siúd atá ag rá go bhfuil an bhéist níos gnéasaí ná an fear.

Ach mar a dúirt Dan Stevens, an t-aisteoir atá i ról an Beast, tá sé intuigthe go mbíonn cion ag an lucht féachana ar an mbéist in áit an fhir, mar is leis a thiteann siad i ngrá le linn an scannáin.

Tá ciall leis an míniú sin, ach ar a bharr sin uilig tá roinnt tréithe ag an mBeast atá mealltach chomh maith, caitear a admháil.

Chun an cheist seo a chíoradh i gceart roghnaigh mé na codanna is fearr faoin mbéist agus rinne mé comparáid idir é agus Dan Stevens, agus d’aimsigh mé roinnt samplaí de na ceannaithe áille ar dhaoine eile!


1. Starrfhiacla fada

Mo chreach is mo bhrón go bhfuil teanntáin fiacla (na rudaí a chaitear chun cruth fiacla a réiteach) ag dul i gcoitiantacht i gcónaí.

Táthar ag cur deireadh le haon éagsúlacht fiacla agus go luath ní fheicfear ach sraitheanna d’fhiacla rí-bhána díreacha.

Ach an Beast, tá starrfhiacla fada aige, rud a chruthaíonn miongháire fíormhealltach.

Ok, b’fhéidir nach bhfuil a mhiongháire féinig rómhealltach díreach ansin, ach bíonn starrfhiacla fada an-mhealtach ar fad.

Agus tarlaíonn go bhfuil siad ag Dan Stevens freisin!

Agus – comhtharlú amach is amach – féach ar fhiacla Luke Evans, atá i ról Gaston.

Níos deise arís.

Agus bíonn siad go deas ar mhná chomh maith!

Mar shampla miongháire vaimpíreach Avril Lavigne:


2. Cliabhrach leathan

Tá radharc amháin ina bhfuil an Beast ina leaba, gan t-léine air, agus Belle ag cabhrú leis mar go bhfuil sé gortaithe.

(Sin an méid a tharlaíonn, is scannán Disney é seo!)

Ach tá a chliabhrach chomh lán leathan láidir sin – má tá an scannán feicthe agat, beidh cuimhne agat ar an radharc.

Gabh mo leithscéal nár éirigh liom pictiúr a fháil.

Tar éis tamaill á lorg bhí orm tabhairt isteach, agus mo stair idirlín a ghlanadh. (Ar chuala tú riamh faoi Riail 34?)

Ar aon nós, seo Dan Stevens uchtnocht… agus gan locht!

Ach más fearr leat ucht ollmhór béistiúil a fheiceáil, seo duit Chris Hemsworth (Thor):


3. Gruagach

Is maith a thaitníonn fir ghruagacha le roinnt daoine, fiú Paige O’Hara, an t-aisteoir taobh thiar de ghlór Belle sa scannán beochana.

Agus iad ag taifeadadh don radharc deireanach sa scannán, dúirt Paige as a seasamh, “Do you think you could grow a beard?” ach níor fágadh sa scannán é.

Ag deireadh an chinn seo áfach, clositear Emma Watson á rá, mar sméid do Paige!

Sa scannán beochana tá Gaston an-bhródúil as a bheith gruagach.

“And every last inch of me’s covered with hair!” a chanann sé go mórtasach.

Mar is léir ón bpic dá uchtnocht thuas níl Dan Stevens chomh gruagach céanna leis an mbéist.

Ach seo duit fear gruagach ina steillbheatha – Sean Connery!


4. Glór agus búir

Tá glór breá domhain ag an mBeast, agus le bheith cothrom, tá glór deas soiléir ag Dan Stevens.

Labhraíonn sé faoi ag tús an fhíseáin seo:

Le glór breá domhain a chlosteáil, molaim Idris Elba:


5. Stíl

Agus ar deireadh, tá ciall don fhaisean ag an mBeast.

Fiú agus é mar ainmhí ní ligeann sé dó féin bheith gioblach, agus an bhfaca tú é ag damhsa?

Cad faoi Dan Stevens?

Bhuel, chuir roinnt againn aithne air trí Downton Abbey agus bíonn sé dea-ghleasta den chuid is mó ar an gclár sin ar aon nós:


Mar sin, cad é an breithiúnas deireanach: cé a roghnófá, an Beast nó Dan?

Bhuel cuimhnigh air seo agus tú i mbun cinnidh, b’fhéidir go bhfuil roinnt tréithe deasa ag an mbeirt acu ach níl caisleán ag Dan, an bhfuil?