Blaisín eile de ‘Arracht’ eisithe

Tá an chéad bhaisín eile den scannán mór Gaeilge Arracht ar fáil anois. Beidh an scannán á thaispeáint den chéad uair in Éirinn ag deireadh na míosa seo chugainn ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath.

Insítear ann scéal Cholmáin Sharkey i gConamara sa bhliain 1845, ag tús an Ghorta Mhóir. Tá cás na cosmhuintire ag dul in olcas agus tugann Colmán cuairt ar an Tiarna Mór, in éineacht le Patsy Kelly, le faoiseamh dá muintir a éileamh air. Tagann droch-chríoch ar an gcruinniú agus teitheann Colmán óna bhaile dúchais.

Is é an t-aisteoir aitheanta ag Conamara Dónall Ó hÉalaí atá i bpríomhról an scannáin.

ticéid ar díol anois don chéad taispeántas ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath.