Ciontóirí, cócaon & craic
Súil ar an scannán Corcaíoch 'Young Offenders'

Tá an scannán grinn Corcaíoch ‘Young Offenders’ ar eisiúint ó thuaidh faoi láthair. Chuir sé ár léirmheastóir Somhairle Mag Uidhir ag gáire, ach spreag sé míchompord áirithe ann chomh maith…


Ar scoil, bhí coirnéal beag amháin den chlós, coirnéal an chúigiú bliain, a rinne balla a roinnt le clós scoil eile – Corpus Christi.

In amanna, dhéanfadh leaids Corpus bia a chaitheamh thar an bhalla.

B’fhéidir go raibh siad dubh dóite.

Nó seans níos fearr go raibh siad díreach ag glacadh leis an dúshlán a chuir cúigiú bliain s’againne rompu agus iad ag caitheamh úlla leath-ite anuas orthu amhail is gurbh iad na Sasanaigh féin iad.

Cibé fáth a bhí leis, bhí muid féin sa bhliain níos óige sásta, nó d’fhág sin nach raibh na húlla ag titim anuas orainne mar a bheadh de ghnáth agus muid i mbun peile in aice leo.

Giota craice, cinnte.

Giota craice ar leibhéal eile, b’fhéidir, atá le fáil i ngeáitsíocht na ngasúr sa scannán seo, Young Offenders.

Ach cé go n-insíonn an scannán scéal bheirt Chorcaíoch óga a théann sa tóir ar bhurla caillte de ‘sneachta draíochta’ ar fiú €7m é, agus cé go bhfuil difear mór idir an cócaon agus úlla a chaitheamh, fós féin chuir an scannán seo amaidí na scoile i gcuimhne dom.

Fáth nach beag, dar liom, go bhfuil Young Offenders chomh greannmhar sin.

Mar sin féin, ní shílim sa lá atá inniu ann gur leor jócanna garbha faoi bhoid agus pleidhcíocht déagóirí le boid (agus bhí go leor de sin ann) le daoine a fhágáil sna trithí gáire.

Tá greann na sochaí s’againn, agus greann mo ghlúine-se ach go háirithe, múnlaithe ag memes, agus curtha in iúl tríothu chomh maith.

Is andúiligh muid.

Agus bíonn memes go minic ag brath ar mheascán den ghreann saoithiúil seafóideach, agus deacrachtaí is uafáis an tsaoil.

Tá seoid de chuid na hÉireann, na Rubberbandits, ina léiriú iontach ar an acmhainn grinn sin.

Bíonn an greann acu borb garbh in amanna, ach fite fuaite ann tá streachailt ghnáthmhuintir na hÉireann san 21ú haois, chomh maith le blas ar leith aisteach s’acu féin.

Agus is é an cinéal grinn sin atá ar fáil go flúirseach in Young Offenders.

Bheadh an dá phríomhcharachtar, Conor McSweeney agus Jock Murphy, ábalta banna in ómós na Rubberbandits a dhéanamh gan móran stró.

Tá an aisteoireacht láidir don chuid is mó – an caighdeán ag titim ó am go ham díreach nuair a bhíonn an dialóg féin lag.

D’éirigh le Alex Murphy (McSweeney) agus Chris Walley (Jock) dalbacht dhána bheirt liúdramán óga ón chathair ar aistear faoin tuath a chur i láthair go fíormhaith.

B’fhéidir níos tábhachtaí arís, d’éirigh leo soineantacht shaol na gcarachtar a léiriú go héifeachtach, agus gan é sin bheadh teip ar leathchuid de na jócanna ann.

Tá leisc orm bheith i mo ‘buzzkill’ anseo, ach i measc an gháire seo uilig, tá ceist níos leithne ann ar fiú plé a dhéanamh air.

Samhlaigh scannán grinn scríofa agus déanta ag daoine geala, agus gurb é ábhar an scannáin daoine gorma agus cultúr daoine gorma.

Ar chóir dúinn a bheith míchompordach lena leithéid?

Is dóigh liom féin go mbraitheann sin go mór ar cé acu an ndearnadh an saothar le meas agus le tuiscint, nó an ndearnadh é ar mhaithe le jócanna simplí saora a líonfadh na suíocháin.

An mbeidh an lucht féachána ag gáire leo, nó ag gáire fúthu?

Ba chóir an cinéal ceiste sin a chur nuair atá aon phobal faoi chois mar ábhar ag píosa ealaíne.

Ó thús deireadh chuirfeadh Young Offenders an cat féin ag gáire.

Ach anois is arís agus mé ag amharc air mhothaigh mise míshuaimhneach.

Ní thiocfadh liom a bheith cinnte cé acu an raibh muid in ainm is a bheith ag gáire leis na gasúir óga seo ó cheantar ‘crua’ i gcathair Chorcaí nó an raibh an stiúrthóir, Peter Foott, ag baint úsáid astu agus as an scigphictiúr de chultúr an lucht oibre atá go forleathan i sochaí an lae inniu?

Seafóid ar an scáileán mhór atá in Young Offenders, agus bhain mé sult as dá bharr.

Tá súil agam gur ag gáire leo a bhí mé.