Féile Scannán an Daingin
'La Violencia' ar na buaicphointí

siamsa-rnag


SCANNÁNAÍOCHT: Féile Scannán an Daingin, Co. Chiarraí / 12-15 Márta
La Violencia / Dé Domhnaigh 15 Márta @ 19:30, The Phoenix Cinema

Is i nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna a bheidh féasta breá scannánaíochta ar siúl.

Inniu an dara lá d’imeachtaí Fhéile Scannán an Daingin, a mhaireann go dtí an Domhnach.

Ní haon iontas gur clár leathan, suimiúil atá arís acu i mbliana agus spéis faoi leith agam sa scannán deireanach a thaispeánfar, ar clár faisnéise é.

Déanann ‘La Violencia’ cur síos ar shaolta mhná dúchasacha Ghuatamala, muintir Mháigheach.

Is tríd scéalta na mban seo agus gníomhaithe atá ag obair san áit a dhéantar cur síos ar an tír sa chlár faisnéise.

Cur síos atá ann ar an stair fhoréigneach a bhí ag muintir na tíre agus ar an gcuma shobhriste atá ar an dúiche i láthair na huaire.

Cailleadh tuairim is 200,000 duine, (idir fhir, mhná agus leanaí), le linn coimhlinte armtha a mhair ar feadh timpeall 36 bliain.

Ba é Guatamala an chéad tír ariamh a thug iarcheann stáit chun na cúirte, an Ginearál Rios Montt, i leith cúiseanna a bhain le cinedhíothú.

Ba é a bhí i bhfeighil ar an tír i rith na tréimhse ba mheasa agus ba bhrúidiúla, ‘La Violencia’, mar a thugtar air.

Is ag Aidan Gillen atá an scéal seo inste.

Bhí baint nach beag ag beirt ó Iarthar Dhuibhneach leis an scannán – sin iad Pia Janning agus Til Frohlich, agus beidh siad ag freagairt ceisteanna faoi agus faoi chláracha faisnéise i gcoitinne tráthnóna amárach.

Ar an bpainéal ina dteannta, beidh lucht déanta clár eile, faoi chathaoirleacht Conor Horgan.

Is i bpictiúrlann an Daingin, The Phoenix a bheidh an ócáid sin ar siúl chomh maith céanna.