Fuarthas réidh le chuile shórt a bhí go maith faoin leabhar ‘Artemis Fowl’

I rith na paindéime seo bím ar líne chuile lá ag léamh alt faoi Covid-19. Cuirtear ceisteanna sna hailt seo faoi cén chaoi ar tharla sé seo, an mbeidh deireadh leis go deo agus cé air atá an milleán. 

Nach aisteach agus nach iontach gur b’shin iad na ceisteanna céanna a chuir mise orm féin agus mé ag breathnú ar an scannán Artemis Fowl.

Tá an scannán seo uafásach. 

Ó thús go deireadh, tá chuile chinneadh a rinne na scríbhneoirí scripte, an stiúrthóir agus na haisteoirí chomh aisteach sin. 

Má bhí stiúrthóir ar bith ann a bheadh feiliúnach le haghaidh scéal fantaisíochta atá buanaithe ar charachtair ón miotaseolaíocht, shílfeá gurbh é Kenneth Brannagh an duine a bheadh uait. Stiúir sé Thor in 2010, scannán faoi charachtair nach bhfuil leath chomh suimiúil leis na carachtair atá le fáil i leabhair Artemis Fowl

Ach tá sé seo deich n-uaire níos measa ná Thor. Airíonn sé ar nós clár teilifíse a d’fheicfeá maidin  Dé Sathairn ar The Den in 2006. Chuaigh $125m isteach sa scannán seo agus tá na héifeachtaí speisialta ar nós rud éigin ó chluiche Playstation, agus airíonn sé uair a chloig ró fhada cé nach bhfuil sé ach 93 nóiméad ar a fhad.

Tá chuile aisteoir anseo in ann aisteoireacht. Tá formhór acu feicthe agam ag aisteoireacht cheana agus ba léir go raibh siad go maith aige. Ach tá siad go dona sa scannán seo. Ní gá a bheith ródhian ar Ferdia Shaw atá sa bpríomhpháirt. Is cinnte go bhfuil sé lag sa scannán, ach tá sé óg agus tá go leor le foghlaim aige. Chomh maith le sin, seo é an chéad pháirt aige, agus ní bheadh Laurence Olivier féin in ann snas a chur ar na línte a bhí le rá aige. 

Tá Josh Gad agus Judi Dench ag déanamh aithrise ar ghlór Batman Christian Bale, níl fios agam cén fáth agus tá an chuma ar chuile aisteoir eile ar nós nach bhfuil siad ag iarradh a bheith ann, agus cé a chuirfeadh an milleán orthu. 

Déanta na fírinne, ba leantóir mór mé de na leabhair nuair a bhí mé níos óige. Ba é ceann de na chéad leabhair a léigh mé ó thús go deireadh agus bhí mé chomh sásta go raibh leabhar ann faoi Éireannach óg agus go raibh an scríbhneoir Eoin Colfer sách cróga le tuiscint go dtaitneoidh scéal le daoine óga, fiú dá mbeadh an phríomhcharachtair i bpáirt an bhithiúnaigh. 

Ach athraíonn an scannán é seo ar fad, agus níl ciall ná réasún leis dá bhar. Fiú má tá tú ag breathnú air mar dhuine nach bhfuil tuairim agat faoi na leabhair, níl a fhios agam cén caoi an bhféadfá taitneamh a bhaint as. 

Tá roinnt taighde déanta agam agus is cosúil go raibh fadhbanna ann leis an stiúideo ón tús. Ba bhreá liom dá mbeadh mé in ann dul siar san am agus a bheith istigh sna seomraí sin leis na ndaoine saibhre seo taobh thiar den phraiseach le fáil amach céard go díreach a tharla.

Cén chaoi ar tógadh leabhar a bhí chomh cliste, chomh maith agus chomh réabhlóideach sin ó thaobh ficsean Éireannach de, agus go bhfuarthas réidh le chuile shórt a bhí cliste nó suimiúil faoi.

Tá sé ráite ag Colfer gur maith leis na hathruithe a déanadh ar a scéal ach ba bhreá liom agallamh a dhéanamh leis agus é sin a chloisteáil óna bhéal féin. 

B’fhéidir go gceapfaí go bhfuil mé féin ródhian ar an scannán, mar ag deireadh an lae, is scannán do ghasúir é, ach sa lá atá inniu ann, tá a fhios agam go bhfuil caighdeán níos airde ná seo tuillte ag daoine óga. 

Ní fhéadfá breathnú ar scannáin sa seánra céanna leis ar nós Harry Potter The Hunger Games agus a rá liom go bhfuil an scannán seo sách maith d’Éireannaigh óga atá ag iarradh iad féin a fheiceáil ar an scáileán mór. A Éireannaigh óig atá á léamh seo, (tá na céadta agaibh ann táim cinnte) — léigh an leabhar, déan damhsa ar TikTok, fan amach ón scannán seo.