Gaeil ar Ghearrliosta IFTA
'An Klondike', 'Éirí Amach Amú' & 'Atlantic' i measc na n-ainmniúchán!

Fógraíodh an gearrliosta le haghaidh Ghradaim Scannán agus Drámaíochta IFTA (Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann) agus is deas linn a fheiceáil go bhfuil aisteoirí agus lucht léirithe scannán na Gaeilge go mór chun cinn arís i mbliana.

Gach bliain déanann IFTA ceiliúradh ar na seoid scáileáin is mó ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta agus bronntar ‘Oscar’ na hÉireann ar bhuaiteoirí na rannóg éagsúil.

Le 10 n-ainmniúchán ar fad, tá an dara séasúr de mhórshraith TG4 An Klondike tar éis éachtaí nua a bhaint amach, agus líon na n-ainmniúchán ón bhliain seo caite sáraithe acu!

Tá réalta na sraithe Dara Devaney, a sciob leis an mórghradam don ‘Aisteoir is fearr i bPríomhról Dráma’ anuraidh, luaite sa rannóg chéanna arís i mbliana i dteannta Cillian Murphy (Peaky Blinders), James Nesbit (The Secret), Aidan Turner (Poldark) agus Tom Vaughan-Lawlor (Trial of the Century).

Fosta, tá ainmniúchán faighte ag Ned Dennehy, a chuir namhaid na ndeartháireacha Uí Chonghaile, an Captaen Pat Galvin, i láthair, dá ról taca in An Klondike 2.

Tá an stiúrthóir Dathaí Keane, Marcus Fleming (script), Cathal Watters (ceamara), Ailbhe Fitzpatrick agus Bernie McBride (smideadh agus gruaig) i measc fhoireann An Klondike atá luaite ar an ghearrliosta.

Bhain beirt scannánóirí Gaeilge aitheanta, Risteard Uí Dhomhnaill agus Neasa Ní Chianáin áit amach i measc na fadscannán faisnéise is fearr.

Beidh cinneamh deacair le déanamh ag na moltóirí idir scannán Uí Dhomhnaill Atlantic, a thugann léargas ar an tslí a gcaitear le hacmhainní nádúrtha na farraige; In Loco Parentis, scannán álainn faoi stiúir Neasa Ní Chianáin agus David Rane faoi scoil chónaithe in Éirinn; 66 Days mórscannán faisnéise Brendan J. Byrne faoi Bobby Sands agus scannán Colm Quinn a leanann teacht aniar Mattress Mick, an fear céanna a chuir na tochtanna ar fáil le linn fheachtas Apollo.

I measc na nGael eile ar tugadh aitheantas dóibh tá na haisteoirí iomráiteacha Brendan Gleeson (Trespass Against Us) agus Colm Meaney (The Journey); James Phelan, scríbhneoir scripte Éirí Amach Amú; an t-eagarthóir bisiúil Úna Ní Dhonghaile (The Crown) agus an dearthóir feistis Eimer Ní Mhaoldomhnaigh.

Gach rath orthu ar fad agus iad ar thóir an óir ar oíche bronnta na ngradam i mí Aibreáin!


Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán:

Scannán is Fearr
A Date for Mad Mary
Love & Friendship
The Siege of Jadotville
The Secret Scripture
Tomato Red
The Young Offenders

Stiúrthóir Scannáin
Peter Foott, The Young Offenders
Jim Sheridan, The Secret Scripture
Richie Smyth, The Siege of Jadotville
Darren Thornton, A Date for Mad Mary

Script Scannáin
Kevin Brodbin, The Siege of Jadotville
Peter Foott, The Young Offenders
Darren Thornton & Colin Thornton, A Date for Mad Mary
Juanita Wilson, Tomato Red

Aisteoir i bPríomhról Scannáin
Jamie Dornan, The Siege of Jadotville
Michael Fassbender, The Light Between Oceans
Colm Meaney, The Journey
Alex Murphy, The Young Offenders
Mark O’Halloran, History’s Future

Ban-aisteoir i bPríomhról Scannáin
Caoilfhionn Dunne, In View
Seana Kerslake, A Date For Mad Mary
Aisling Loftus, Property of the State
Ruth Negga, Loving
Catherine Walker, A Dark Song

Aisteoir i Ról Taca Scannáin
Colin Farrell, Fantastic Beasts and Where to Find Them
Brendan Gleeson, Trespass Against Us
Ciaran Hinds, Bleed for This
Jason O’Mara, The Siege of Jadotville
Chris Walley, The Young Offenders

Ban-aisteoir i Ról Taca Scannáin

Charleigh Bailey, A Date for Mad Mary
Susan Lynch, Bad Day for the Cut
Simone Kirby, Notes on Blindness
Hilary Rose, The Young Offenders
Fiona Shaw, Out of Innocence

An Dráma is Fearr
An Klondike 2
The Fall 3
Game of Thrones
Smalltown
Striking Out
Vikings

Stiúrthóir Dráma
Anthony Byrne, Ripper Street
Ciaran Donnelly, Vikings 4
Neasa Hardiman, Z: The Beginning of Everything
Dathaí Keane, An Klondike 2

Script Dráma
Gerard Barrett, Smalltown
Barry Devlin, My Mother and Other Strangers
Marcus Fleming, An Klondike
James Phelan, Wrecking the Rising

Aisteoir i bpríomhról dráma
Dara Devaney, An Klondike 2
Cillian Murphy, Peaky Blinders
James Nesbit, The Secret
Aidan Turner, Poldark
Tom Vaughan-Lawlor, Trial of the Century

Aisteoir i ról taca dráma
Liam Cunningham, Game of Thrones
Ned Dennehy, An Klondike 2
Moe Dunford, Vikings 4
Andrew Scott, The Hollow Crown
Robert Sheehan – Fortitude

Ban-aisteoir i bpríomhról dráma
Caitriona Balfe, Outlander
Elaine Cassidy, No Offence
Anne Marie Duff, Murder: The Lost Weekend
Amy Huberman, Striking Out
Ruth Negga, Preacher

Ban-aisteoir i ról taca dráma
Ruth Bradley, Humans
Sinead Cusack, Call the Midwife
Dominique McElligott, House of Cards
Charlene McKenna, Ripper Street
Charlie Murphy, Happy Valley

Fadscannán fáisnéise George Morrison
Atlantic
Bobby Sands 66 Days
In Loco Parentis
It’s Not Yet Dark
Mattress Men

Gearrscannán beochana
Define Intervention
Don’t Forget the Bread
The Lost Letter
Second to None

Gearrscannán
Animal
Baring Arms
Gridlock
Heartbreak
Lily
Terminal

Cineamatagrafaíocht
Seamus McGarvey, Nocturnal Animals
Piers McGrail, Tomato Red
Robbie Ryan, American Honey
Cathal Watters, An Klondike 2

Dearadh Feistis
Joan Bergin, The Secret Scripture
Consolata Boyle, Florence Foster Jenkins
Triona Lillis, An Klondike 2
Eimer Ní Mhaoldomhnaigh, Love & Friendship

Eagarthóireacht
Colin Campbell, The Young Offenders
Dermot Diskin, The Secret Scripture
Nick Emerson, I Am Not A Serial Killer
Una Ní Dhonghaile, The Crown

Smideadh agus Gruaig
Ailbhe Fitzpatrick & Bernie McBride, An Klondike 2
Eileen Buggy & Lynn Johnson, Love & Friendship
Dee Corcoran & Tom McInerney, Vikings
Patsy Giles, Éirí Amach Amú

Bunscór
David Holmes, The Fall
Steve Lynch, An Klondike 2
Patrick Cassidy, Smalltown
Brian Byrne, The Secret Scripture

Dearadh Léiriúcháin
Mark Geraghty, Vikings S4
Mark Kelly, An Klondike 2
Anna Rackard, Love and Friendship
Derek Wallace, The Secret Scripture

Fuaim
Game of Thrones
The Siege of Jadotville
Tomato Red
Without Name

Éifeachtaí Físiúla
Black Sails
Game of Thrones
Ripper Street
The Siege of Jadotville

Scannán Idirnáisiúnta is Fearr
Hacksaw Ridge
La La Land
Manchester By The Sea
Moonlight

Aisteoir Idirnáisiúnta
Casey Affleck, Manchester By The Sea
Andrew Garfield, Hacksaw Ridge
Ryan Gosling, La La Land
Denzel Washington, Fences

Ban-aisteoir Idirnáisiúnta
Amy Adams, Arrival
Viola Davis, Fences
Natalie Portman, Jackie
Emma Stone, La La Land